Wednesday, March 24, 2010

Manglam Ón Meán

Tá sé déanta aige, na hairí athraithe timpeall ag Brian Cowen.

Cé nach bhfeicim aon duine óg fuinniúil in aon áit sna hathruithe sin, is dócha go bhfuil daoine ina measc ag a bhfuil taithí nach beag agus, dá bhrí sin, bheifeá ag súil go gcuirfidís go mór le cibé roinn ina mbeidh siad. Agus go n-éirí leo, go deimhin.

Cén fáth, mar sin, a bhfuilim amhrasach inniu? Chuala mé Alan Dukes ag labhairt ar an raidió ar maidin, é ag labhairt mar ‘chairman-designate of Anglo Irish’. Bhí sé ag cosaint, shíl mé, an méadú pá sin atá le fáil/faighte ag daoine ar leith atá fostaithe leis an Anglo Irish Bank.

Dar leis, ‘Anglo Irish had to make sure it had people who were competent and fit to carry out the task of de-risking the bank effectively.’

Anois, is é an smaoineamh a rith liom féin, agus mé ag breathnú ar liosta Bhriain Cowen, agus ag éisteacht le focail Alan Dukes, an é nach bhfuil daoine eile amuigh ansin, daoine fuinniúla, idir óg agus aosta, daoine nach gá go bhfuil taithí ollmhór acu, ach daoine ag a bhfuil dearcadh oscailte, spreagúil; agus daoine nach mbaineann a n-uaillmhian le cur chun cinn pearsanta amháin, ach le cur chun cinn na tíre seo go mór mór; daoine nach bhfuil sáite in abar na n-údarás a chuir an tír seo san áit ina bhfuil sí i láthair na huaire; nó an é go bhfuil siad ann, ach nach bhfuil aon duine ag éisteacht leo?
.

4 comments:

  1. Gan amhras tá a Áine. Agus is fiú cuimhneamh freisin faoi chás AIG sna stáit i gcomparáid le Anglo Irish.
    Thall ansin cuireadh gearradh pánna de 60% ar na hoibrithe sa bhanc.

    Táid ag magadh fúinn faoin am seo, agus tá muidne ag glacadh leis.

    ReplyDelete
  2. Cén rogha atá ann do dhaoine, a Dhubhaltaigh, ach glacadh leis?

    Dar le Brian Cowen, tá an Rialtas 'powerless' maidir le hAnglo Irish! Más mar sin atá an scéal, cén seans atá ag ár leithéidí a dhath a dhéanamh faoin diabhal rud?

    ReplyDelete
  3. Mar a dhéanann na Gréagaigh, mar shampla amháin.
    Seo an rud is measa faoi mheon TINA (There is no alternative), is é sin cothaíonn sé éadóchas nach féidir aon ní a athrú.

    ReplyDelete
  4. Ach, a Dhubhaltaigh, cén mhaith a tháinig as na 'protests' sin a rinne na Gréagaigh? An ndearna siad aon mhaith? An bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal ann?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.