Monday, March 22, 2010

Gaeilge Éigeantach!

Ar leathanach 21 den Sunday Independent inné bhí an cheannlíne seo,

‘Priest shot three times to come home to study Irish’.

Go sábháiltear sinn, arsa mé féin liom féin, ach an é seo treo na Gaeilge anois!

Bhain an cheannlíne scairt gháire asam, cé nár chuir ábhar an scéil fonn gáire orm, caithfidh mé a rá.

Tá sé le léamh anseo, agus na camóga sa cheannlíne, mar ba chóir, camóga nach raibh ann i gceannlíne an pháipéir inné.

D’fhiosraigh an fear le mo thaobh fáth mo gháire, agus thaispeáin mé an cheannlíne dó.

‘Gives ‘compulsory Irish’ a whole new meaning...’ arsa mo dhuine.
.

6 comments:

  1. Cosúil leis sin, baineadh gáire asam nuair a chonaic mé an URL seo leanas:
    www.irishwritersexchange.com

    ReplyDelete
  2. “Sagart,” a dúirt mé liom féin, “ag teacht abhaile le Gaeilge a fhoghlaim?” Mhaolaigh ar mo chuid imní nuair a léigh mé gur teiripe atá ar intinn aige, ní peannaid!

    ReplyDelete
  3. M'anam, a Shéamais, ach sin ceann maith...:-)

    Dennis, a chara, beidh le feiceáil...;-)

    ReplyDelete
  4. Maidir le “exchange ~ sexchange”, tá a lán dá leithéid amuigh ansin.

    ReplyDelete
  5. Iontach, a Dennis! Go raibh maith agat. Is maith liom a leithéidí a léamh...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.