Friday, February 12, 2010

Thar Fóir nó Over the Hill

Fiú agus mé i mo chailín óg, nó i mo dhéagóir, ní raibh sé de nós agam mo chloigeann a chailleadh i ndiaidh réalta ar bith, mar a rinneadh le Jedward i mBaile Átha Cliath inniu, mar shampla. Cé go raibh réaltaí éagsúla a thaitin go mór liom thar na blianta, ní rachadh mo thacaíocht thar fóir, mar a déarfá. Bhí mé rud beag staidéarach, shílfeá.

Níl a fhios agam an raibh baint aige sin leis an gcaoi inar tógadh mé ach, go dtí an lá atá inniu ann, ní dhéanfainn ‘show of myself’. Ní cuimhin liom na focail sin a chloisteáil ó bhéal mo thuismitheoirí, ach tá a fhios agam go raibh tús áite acu i mo chloigeann is cuma cén áit ina raibh mé, go háirithe agus mé in aon áit phoiblí, mar a déarfá.

Mar sin féin, ní chuireann sé isteach ná amach orm nuair a fheicim cailíní agus buachaillí ag cailleadh an bhloic, go poiblí, faoi réaltaí, cé nach ndearna mé féin riamh é, ceapaim. Meas tú cén fáth é sin? An é go raibh baint aige le ciall, nó le hiompar, nó le heaspa foinn, b’fhéidir?

Cloisim na focail ‘am agus áit’ i mo chloigeann, freisin. Bhí mé breá ábalta an cloigeann céanna sin, agus an corp a bhí greamaithe thíos faoi, a chroitheadh go craiceáilte ar urlár an dioscó fadó, go háirithe dá gcloisfinn glór Meatloaf, nó ceol Horslips, mar shampla.

Ach, chuirfinn geall go raibh mé ag déanamh ‘show of myself’ mar sin féin, nó go raibh daoine ann a cheap go raibh mé á dhéanamh sin, agus mé ag ‘jumping and jiving/rocking and rolling’ liom ar urlár an dioscó. An mbaineann sé sin le dearcadh, nó le béasa, nó le haicme, nó le haois?

Nó an é go bhfuil a teorann féin ag chuile ghlúin, agus nach bhfuil daoine óga, lucht leanúna Jedward agus réaltaí mar iad, ag dul thar fóir ar chor ar bith, ach ag baint suilt as an saol ina mbealach féin, bealach na glúine seo, díreach mar a rinne lucht leanúna na Beatles, agus Tom Jones, mar shampla?
.

3 comments:

  1. Is deachair a rá Áine.Ní raibh sé de nós agamsa freisean dul thar fóir faoi na Realtaí.Bhíomar go léir i bhfad níos cuthaillí fadó.Na tuismitheoirí a déirigh ag a trí a chlog ar maidin a chur iontas orm.Daoine meanaicmeach a bhí iontú ach ní bheinn buartha faoi.Ní thagann ciall roimh aois.

    ReplyDelete
  2. Níor chuaigh aon dream chomh thar fóir is a chuamarna thiar sna seascaidí agus na luath seachtóidí. Agus bhí chúis mhaith againn mar ní raibh a sárú le fail ó thaobh ceoil de ó shin. Agus sin a bhfuil de. Nílim claonta. Aos óg an lae inniu huh! níl a fhios acu fiú conas dul thar fóir.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.