Thursday, February 11, 2010

Éigse Cholm Cille

Mar eolas daoibh, a chairde, féach an preasráiteas thíos.

Téama na hÉigse: 'An Greann sa Ghaeilge'

Coláiste Mhig Aoidh, Doire

An Aoine, 5ú agus an Satharn, 6ú Márta 2010

'Léiríonn teidil na gcainteanna d'Éigse Cholm Cille 2010 go bhfuil féith an ghrinn i gceantar Cineál Eoghain, mar ab fhearr aithne air go stairiúil, beo bríomhar i gcónaí.

Ar phríomhphearsana an ghrinn san fhichiú haois tá Brian Ó Nualláin nó 'Myles na gCopaleen' mar is fearr aithne air, arbh as ceantar Cineál Eoghain dó.

Pléifear féith dheisbhéalach an ghrinn i ráisteachas Shéamuis Uí Ghrianna sa chaint 'Séamus Ó Grianna agus an Bletherin' Bitch Syndrome' mar aon le plé ar imeartas focal sna canúintí Gaeilge, i measc nithe eile, sa chaint dár teideal 'Greann and bear it'.

Is léir ó ábhar na gcainteanna go dtéann traidisiún an ghrinn i bhfad siar sa Ghaeilge agus deir Shaw gurbh í aimsir thais na hÉireann ba chúis le flúirse an ghrinn. Ar ndóigh eascraíonn feiniméin chultúrtha dá leithéid ó fhréamhacha cultúrtha, agus is iad fréamhacha cultúrtha an ghrinn sa Ghaeilge a bheidh mar ábhar na comhdhála seo.

Beidh 'súil siar' á caitheamh ar ghnéithe stairiúla na haoire agus na ndánta Ultacha, taobh le 'súil eile' á caitheamh ar an ghreann comhaimseartha anuas go ré TG4.

Cuirfear tús leis an chomhdháil le caint ón bhfile cáiliúil, Liam Ó Muirthile, agus le dráma grinn ó Aisteoirí áitiúla Ros Guill oíche Aoine, 5 Márta 2010 ag 7.30 i.n. Beifear ag súil le greann, mar aon le neart plé grinn i rith na hÉigse ar an Aoine agus ar an Satharn.'
.

2 comments:

  1. Feictear dom gur ábhar iontach le haghaidh comhdhála é. Ba bhreá liom a bheith ann. Ach an mbeidh? Sin ceist eile.

    ReplyDelete
  2. Má mhaireann m'fhuinneamh an dá lá sin, beidh mé féin ann, a Chailliomachais!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.