Saturday, February 13, 2010

Míreanna Mearaí

Nuair a bhím ag éisteacht le Gerry Adams, mar a bhí mé aréir agus é ag labhairt le Ryan Tubridy ar an Late Late Show, ní bhíonn a fhios agam an féidir liom é a chreidiúint, nó nach féidir. Ach, bím mar sin agus mé ag éisteacht le Bertie Ahern, freisin, nó le haon pholaiteoir eile lena bhfuil stair ilcheistithe de shaghas ar bith greamaithe, más fíor an méid a chloistear.

Go deimhin, de réir mar atá na blianta ag dul thart, tá peaca an amhrais ag fáil greim níos láidre ar mo chluasa. Bím ag éisteacht le polaiteoirí éagsúla, agus bím ag iarraidh an spin, an bhréag agus an fhírinne a scagadh óna chéile, más ann dóibh. Níl sé sin éasca, a léitheoirí, agus is minic mé i mo shuí os comhair na teilifíse, agus mé ag iarraidh an t-iomlán atá ag teacht as a mbéal a chur le chéile, mar a bheadh míreanna mearaí ann, le go leor de na píosaí ar iarraidh.

Déanaim iarracht gan gach a léim a chreidiúint, ach an oiread, ach tá sé an-deacair, go minic, ciall ná réasún a dhéanamh de na hargóintí uile a chloisim ó na polaiteoirí sa lá atá inniu ann. Tá an oiread sin de scannal ag teacht sa mhullach orainn mar phobal, go mbím de shíor ag fanacht leis an gcéad drochscéal eile, ceann amháin níos measa ná an ceann a chuaigh roimhe, shílfeá.

Ach, dúirt Gerry Adams rud amháin aréir ar a raibh cló na fírinne, cheap mé féin…,

Do you see if it’s left to the people who are in Leinster House, in the Government of the moment, and what’s seen as the alternative Government, Fine Gael and Labour, there’s going to be no difference. You’ll be sitting here in 5 years time, there’ll still be people who aren’t being looked after…

…ach meas tú an ndéanfadh a pháirtí féin, ná aon pháirtí seanbhunaithe eile, jab níos fearr den tír? Sin í an cheist, agus an mbeadh duine in ann an freagra a chreidiúint? Sin ceist eile.
.

2 comments:

  1. "Déanaim iarracht gan gach a léim a chreidiúint..."

    Bíonn deacrachtaí móra agamsa rud ar bith dá léim a chreidiúint! ;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.