Sunday, February 14, 2010

Lá San Vailintín

Is lá tráthúil é seo i mo shaol féin. Is ar an lá seo a thosaigh mé ag siúl amach leis an bhfear lena roinnim mo shaol go laethúil, agus is ar an lá seo, an bhliain dár gcionn, agus in admháil dár gcion, a ceannaíodh an fáinne.

Tráthúlacht b’fhéidir, ach táim féin den bharúil go raibh baint ag Cúipid leis an scéal, agus gur chuir sé, mar a dúirt Míshásta, saighead ‘ag eitilt cruinn díreach’ inár dtreo. Ceapaim.

Ar aon nós, níl a fhios agam an bhfuil muintir na Gaeltachta/Gaeilge iontach cúthalach ar fad, ach níor éirigh le hEibhlín bhocht oiread is duine amháin a fháil le scríobh isteach chuig an gclár Iris Aniar ar Raidío na Gaeltachta, cé gur fhan sí ó Luan go Déardaoin le nóta a fháil, maidir le ‘Céard iad na tréithe is ansa leatsa faoi do pháirtí?’. Bhí dinnéar do bheirt mar dhuais aici don nóta is fearr, ach diabhal nóta a fuair sí. Suimiúil.

Bhí fear poist ar chlár eile lá éigin an tseachtain seo, b’fhéidir ar chlár Joe Duffy, Liveline, ar RTÉ Raidió 1, agus bhí sé ag insint dúinn nach bhfuil cártaí Vailintín á gcur sa phost inniu, mar a bhíodh fadó. Bhí lá ann, dar leis, agus bhíodh orthu daoine sa bhreis a fhostú don phost a dháileadh Lá Vailintín ach, faoin am a ndeachaigh sé féin amach ar pinsean i 2004, ní raibh ach seacht gcárta Vailintín le dáileadh aige ar cheantar mór i mBaile Átha Cliath. Suimiúil.

Cibé rud eile atá ag tarlú, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh Cúipid gnóthach go maith inniu. Ní dóigh liom go bhfuil gá le cárta, ná le bláthanna, ná le nóta fiú. Ach ba dheas an rud é dá roinnfeá barróg, ar a laghad, leis an té a roinneann agus a líonann do shaol le grá.

Bainigí sult as an lá.
.

6 comments:

  1. Ag an t-ollmhargadh ar maidin a mhalairt de scéal a bhí á roinnt ag an freastalaí.Dúirt sí go raibh alán bláthanna ar chostas €39.99 díolta aici inné.Dúirt an freastalaí éile gur fearr leí dá gceannóh a fear céile paca toitíní dí.Tá súil agam Áine go bhfuair tú an arróg.

    ReplyDelete
  2. Den chéad uair riamh, níor mhalartaíodh cartaí 'le Valaintín inár dtighne. Ach bhí grá le braithint, gan aon agó.
    Chuaigh mé go dtí an t-ollmhargadh go luath sa tráthnóna an lá úd, agus bhí ionadh uirthi nuair a chonaic siad go mbíonn daoine ann ag ceannach bláthanna le fírinne chomh déanach sin! Cheap sí nach raibh a leithéid ann ach sna sitcoms.

    ReplyDelete
  3. Áááá! Nach aoibhinn an scéal sin faoi dáta do chéad choinne agus lá an ghealltanais. Chím scannán Hollywood ar an dtéama céanna lá éigin.

    ReplyDelete
  4. Agus cén t-ainm a thabharfá ar an scannán, a Mhíshásta?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.