Wednesday, February 17, 2010

Airgead do Pháistí ón A.I.B!

Mar is eol do léitheoirí rialta, tá lucht I.C.A.R.E i mBun Cranncha gar do mo chroí, agus má thagaim ar bhealach ar bith le cuidiú leo, déanaim amhlaidh.

Chuir An Bhean Neamhspleách ríomhphost chugam ar maidin, agus d’inis sí dom faoin nasc seo, áit inar féidir vóta a chaitheamh do thionscadail éagsúla atá ag obair ar mhaithe le páistí, i gceantair ina bhfuil brainsí den A.I.B. ar fud na tíre.

Tá an A.I.B ag dul €10,000 a roinnt ar thionscadail pháistí i do cheantar, más ann do bhrainse leo, agus níl le déanamh agat ach dul isteach chuig an nasc thuasluaite, an contae a roghnú, an ceantar a roghnú, agus cliceáil ar cheann de na tionscadail áitiúla atá luaite don cheantar sin, agus caith do vóta don tionscadal is ansa leat.

Mura bhfuil aon cheann ann do do cheantar féin, agus mura miste leat, bheinn buíoch ach do vóta a fháil do I.C.A.R.E, atá ag ‘B’, faoi ‘Donegal:Buncrana:Inishowen Children's Autism Related Education, nó is féidir téacs a sheoladh chuig 51303, leis an bhfocal BUNCRAN ar dtús, fág spás ansin, agus cuir isteach an litir B i ndiaidh an fhocail BUNCRAN, rud a chosnaíonn ‘standard SMS rate’, creidim.

Tá na vótaí ar líne saor in aisce, agus is féidir ceann a chaitheamh uair amháin chuile lá idir, anois agus 15 Márta.

Go raibh céad míle maith agaibh, a chairde, agus ní dochar an scéal a scaipeadh, más mian libh, ar mhaithe le páistí uile ar fud na tíre.
.

6 comments:

  1. Is deacair dom focail a chur ar an bhfearg a bhraithim faoin gcás seo a chuir tú os ár gcomhair a Áine..............

    Tá tionscadail do pháistí timpeall na tíre ag iarraidh airgid ó AIB chun a n-obair fhíorthábhachtach a dhéanamh. Ag an am céanna tá ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar na tionscadail céanna ag an rialtas, mar bharr ar an donas tá an rialtas céanna ag caitheamh na billiúin dár gcuid airgid ar an mbanc marbh seo AIB agus bainc eile. Tá na bainc beo ar ár n-airgead amháin. Beidh cúpla billiún eile ag teastáil uathu le dul ar aghaidh!
    Agus caithfidh dreamanna amhail ICARE a bheith ag dul chuid AIB leis an mbabhla déirce, ag impí ar na baincéirí cáiréiseacha cúnamh a thabhairt dóibh!

    ReplyDelete
  2. An bhfuil pobal na hÉireann go hiomlán ina dtromshuan?

    ReplyDelete
  3. Tuigim do chás, a Dhubhaltaigh, agus aiféala orm gur chuir m'alt fearg ort.

    Faraor, sin mar atá an saol do chumainn charthanachta inniu, agus le blianta fada, feictear dom. Bíonn siad de shíor ag iarraidh airgead a fháil ó áit éigin, mar nach bhfuil an t-iomlán a theastaíonn ag teacht ón rialtas, mar ba chóir. Mar is iondúil, is muidne, pobal na tíre, a thugann an tacaíocht sin do na cumainn charthanachta éagsúla.

    Ní dóigh liom go bhfuil ‘muintir na hÉireann go hiomlán ina dtromshuan’. Ceapaim go bhfuil go leor acu cosúil liom féin, ag streachailt lena bhfuil ag tarlú, ag iarraidh ciall a dhéanamh den phraiseach ina bhfuil an tír fágtha ag na daoine lenar fágadh í faoina gcúram.

    Teastaíonn toghchán, b’fhéidir, le teachtaireacht a thabhairt do na daoine sin. Idir an dá linn, teastaíonn vótaí an phobail d’I.C.A.R.E agus a leithéidí an geábh seo, le go mbeidh deis acu cuid den airgead atá á dháileadh a fháil. Fiú más as póca an phobail atá sé ag teacht tríd na bainc, bainfear leas as – ar mhaithe le páistí na tíre.

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Más chun leasa na carthanachta a dhéantar rud dá shamhail bheadh drogall orm é a cháineadh. Tá an baol ann i gcónaí a bheith soiniciúil agus gan rud ar bith a dhéanamh. Agus más rogha an dá dhíogha féin é, is fearr a bheith páirteach ann ná a mhalairt.

    Ach an méid sin ráite agam, caithfidh mé a admháil go dtuigim don dearcadh a nochtann an Dubhaltach.

    Ceapaim féin gur sórt comharthachta a bhíonn i gceist go minic nuair a chuireann daoine nó eagraíochtaí beagáinín den airgead a shúnn siad isteach go cíocrach agus ar bhonn leanúna ón phobal ar fáil don charthanacht.

    ReplyDelete
  6. 'sórt comharthachta a bhíonn i gceist' - tá an ceart agat, a Ormondo, is dóigh liom. Idir an dá linn, tá an t-airgead ar fáil, agus bainfear leas as nuair a dháilfear é, táim cinnte de sin.

    Súil agam gur chaith tú vóta...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.