Thursday, February 18, 2010

Aire Dochosanta?

Ní chuireann sé iontas orm gur éirigh Willie O’Dea as a phost. Bhí mé ag súil leis an nuacht sin ó chuala mé clár Pat Kenny ar maidin.

Le lá nó dhó, ní raibh le déanamh ach dó agus dó a chur le chéile le ceathair a fháil, cheap mé féin, ach is dócha nach mar an gcéanna a chuireann chuile dhuine dó agus dó le chéile, má bhreathnaíonn tú ar na huimhreacha a thacaigh le Willie sa Dáil inné.

Rinne Willie O’Dea agallamh le Seán O’Rourke ar nuacht RTÉ tráthnóna, agus ba léir ón méid a bhí le rá aige go raibh sé faoi bhrú, agus ní hé Seán amháin ba chúis leis an mbrú sin. Mar sin féin, ní raibh an chuma ar Willie sa Dáil inné go raibh sé faoi bhrú, a mhaisce, agus é ag cloí lena dhrochscéal, le tacaíocht óna chomhghleacaithe, an Comhaontas Glas ina measc.

Ach thosaigh Dan Boyle ag Twitteráil, agus ba ghearr uainn giolcadh an ghealbhain. Nárbh fhada gur ghealaigh lá na fírinne? I bhfocal Dan Boyle, “Probably be a few chapters in this story yet."
.

3 comments:

  1. Agus anois Willie ag iarraidh an milleán a aistriú go Garda bocht. Nach raibh a fhios aige go gcoimeádfadh líomhaint mar sin an scéal beo go gceann i bhfad? Níl aon teora leis an gcroiméalach. Agus léimfidh a chuid vótaí chomh hard leis an spéir le teacht an olltoghcháin. Úf!

    ReplyDelete
  2. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh siad níos airde ná riamh, a Mhíshásta.

    ReplyDelete
  3. Agus dá mba rud é nach raibh sé faoi bhrú cheana féin do chuir an t-agallóir Seán O'Rourke an t-iarAire faoi bhrú i rith an agallaimh! Ní dóigh liom go leomhfadh iriseoir sa Ghearmáin a bheith chomh h-ionsaitheach agus Aire stáit faoi agallamh aige - ní mhairfeadh sé/sí ró-fhada ina p(h)ost! Molaim go mór an neamhspleáchas a léiríonn an méid sin.

    Faoi dheireadh ní raibh a raibh le rá le Willy O'Dea i gcomhréir le loighic ar bith agus é i gcónaí ag trasnáil a raibh ráite aige féin roimhe sin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.