Thursday, January 21, 2010

Cougar

Ó tharla mé ag obair idir dhá ríomhaire faoi láthair, ceann le WinGléacht, agus ceann gan WinGléacht faraor, táim ag baint úsáide as an mbord sa chistin, le go mbeidh spás agam an dá ríomhaire a úsáid ag an am céanna. Bhuel, chan ag an am céanna, an dtuigeann sibh, ach tá stuif fós agam ar an seanríomhaire, agus bím ag dul ón seancheann sin go dtí an ceann nua go minic, ag athrú nó ag aistriú rudaí – anordú eagraithe atá ann, i ndáiríre.

Ó tharla mé sa chistin, tá an teilifís ag dul le mo thaobh, agus cloisim scéalta uaithi nach gcloisfinn go hiondúil, dá mbeinn istigh san oifig, áit nach bhfuil aon teilifís. Cibé scéal é, is ann a bhí mé anocht nuair a chuala mé comhrá, ar an teilifís, ar an gclár Midweek ar TV3, faoin bhfocal sin ‘Cougar’. - ‘a woman over 40 who sexually pursues younger men, typically more than eight years her junior..’ an míniú atá ar shuíomh wikipaedia, a chairde, ar fhaitíos go bhfuil duine ar bith agaibh amuigh ansin den bharúil gur cat de shaghas atá ann. Sea.

Ar aon nós, is léir domsa nach bhfuilim ar chor ar bith eolach ar chúrsaí an tsaoil, mar, i ngan fhios domsa, tá an téarma sin ‘cougar’ in úsáid le deich mbliana, dar leis an bhfear seo, Grant Barrett, fear a tháinig ar an téarma san ‘article in the Globe and Mail of Toronto which credits “cougar” to a Canadian website called Cougardate.com, which the story says was started in 1999. It is, as you have guessed, a website where older women can meet younger men.

Bíodh sin mar atá, bhí an scéal ar Midweek, is dócha, mar gheall ar na scéalta faoi mhídhílseacht Iris bhocht (59) le leaid naoi mbliana déag d’aois, nó, b’fhéidir, mar gheall go bhfuil Madonna (51) mar a bheadh cearc ghoir na laethanta seo, más fíor, agus leaid dhá bhliain is fiche mar ‘lover’ aici. Ar aon nós, is í ceist na cougarála a bhí faoi chaibidil ar Midweek, agus d’éist mé leis an gcomhrá le hiontas, mar a dhéanfadh formhór na mban m’aois-se, mná nach bhfuil ar an eolas faoin gcougaráil seo, beag ná mór. Ceapaim.

Ag deireadh an chomhrá, d’inis an láithreoir, Colette Fitzpatrick, scéal dúinn faoin gcougar iomráiteach sin, Joan Collins, bean a dúirt, nuair a labhair daoine ar an ‘age difference’ idir í féin agus an fear a phós sí, ise 68, eisean 32 bliain níos óige ná í; dúirt Joan faoin ‘age gap’ idir í féin agus é féin: ‘if he dies, he dies…’.

Nár laga Cé í.
.

7 comments:

  1. Ag Joan a bhí an fhírinne, sílim.

    Tuige go mbeadh mná teoranta do fir níos sine, pé ar bith? Agus cead ag fearaibh a rogha rud a dhéanamh?

    ReplyDelete
  2. Is sine na mná féin ach is óige an sileacan agus an botox.

    ReplyDelete
  3. Agus Páras gafa ag na Naitsithe i rith Chogadh Domhanda II, roghnaigh Coco Chanel duine acu mar leannán. B'fhéidir gur ginearál é, b'fhéidir gur spiaire. Ba chuma le bean an chumhráin. Ní féidir a bheith ag súil leis, a deir sí, go mbreathnóinn ar phas gach duine a mbeinn ag luí leis.

    ReplyDelete
  4. Ní thagann ceadúnas ná pas le mothúcháin an ghrá agus na dúile, agus ní dóigh liom gur féidir breithiúnas a thabhairt ar aon leannáin luí atá le chéile go toilteanach, agus go dleathach, an féidir?

    Maidir le breithiúnas na moráltachta, bhuel, sin ceist eile, nach ea?

    A Ormondo, meas tú an iad na mná amháin a bhíonn ag plé leis an sileacan agus leis an mbotox?

    ReplyDelete
  5. Ní maith liomsa breithiúnais ar dhaoine, go háirithe breithiúnais mhorálta, bídís ina leannáin nó ná bíodh. Sílim gurb in a bhi Coco ag rá: ní bhaineann cúrsaí grá, nó cúrsaí leapa go fiú, leis an eolas a bhíonn ar phas duine - aois, náisiúntacht, obair.

    ReplyDelete
  6. Ní mheasaim. Sin é an fáth nár shonraigh mé thuas cér leo an sileacan agus an botox. ;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.