Wednesday, December 2, 2009

An Spailpín Fánach


Fuair mé scéal ó mo dheirfiúr i mBostún ar maidin faoin siopa seo, An Spailpín Fánach, agus í ag iarraidh orm an scéal a scaipeadh maidir leis na bronntanais Nollag iontacha a d'fhéadfadh duine a cheannach ann.
Tá mé féin ag ceapadh gur 'hint' mór millteach atá ansin uaithi, ó tharla í ag teacht abhaile chugam don Nollaig i mbliana!
Feictear dom go bhfuil an siopa luaite ag An Codú cheana, ach ní dochar an dea-scéal a scaipeadh, arís is arís eile.
Más thall atá sibh, a léitheoirí, b'fhearr daoibh tús a chur leis an ordú-ar-líne go luath!
.

2 comments:

  1. Bhí geansaí ón siopa céanna á chaitheamh agam ar maidin, ceann a cheannaigh mé thall sa Spidéal sa bhliain 2001. Tá an t-éadach ag éirí beagáinín tanaí -- is iomaí uair a chloig atá caite aige san inneal níocháin agus sa triomadóir -- ach tá sé inchaite fós.

    ReplyDelete
  2. Chuireann sé masmas orm gach uair a fheicim an dúnmharfóir sin Ché ar t-léine. An bhfuil ceann de Beria ar fáil, freisin?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.