Sunday, December 13, 2009

An Mhuicín Ghlas




Creid é nó ná creid, tá muicín bheag ghlas phlaisteach againn sa teach anseo. An ‘Swear Pig’ a thugaimid air/uirthi, ach is ‘muicín taisce’ atá ann, i ndáiríre.

Tá sé/sí againn le bliain nó dhó anois agus, ó am go chéile, nuair a chloisim an iomarca mionn ag eitilt timpeall na háite, cuirim an mhuicín ghlas ar an mbord sa chistin. Nuair a scaoileann duine eascaine uaidh, caithfidh an duine sin, is cuma clann nó cuairteoir iad, 50c, nó níos mó, a chur isteach i Muicín na Mionn.

Nuair a bheidh sé/sí lán, beidh sé/sí ag dul chuig iCare, áit ina dtabharfar aire mhaith dó/di, táim cinnte.

Ar aon nós, cheap mé gur mhaith libh an mhuicín ghlas a fheiceáil, a léitheoirí. Bhí mé ag glacadh pictiúir den mhuicín ar maidin, nuair a chuala mé ón nGarraíodóir:

"Don’t forget the stag!"

Agus an ceart aige. Seo chugaibh, mar sin, mo phictiúr thuas, an mhuicín ghlas agus an fia beannach.

Agus tá físeán ó youtube anseo.
.

6 comments:

  1. Ach ní chuireann an muicín glas (.i. an ceann ar bharr an ailt) féin mionn ag eitilt riamh, an ea?
    -:)

    ReplyDelete
  2. Ahá! Chím anois é! "Don't forget the stag!"

    Go hiontach! Den chéad scoth, a Áine!

    ReplyDelete
  3. Ar fhoghlaim tú aon mhionna móra arbh fhiú roinnt linn nuair a bhí an mhuc á beathú?
    :-)

    ReplyDelete
  4. Meas tú nach bhfuil siad uile ar eolas agat cheana, a Dennis!

    Níl aon chead ag an muicín na mionna a scaoileadh, a Ormondo...:-)

    ReplyDelete
  5. Mo chuimhne, a Dennis. D'athraigh mé inscne an mhuicín, dar le do threoir ag http://oileanach.blogspot.com/2009/07/na-muicini.html - baininscneach san ainmneach/tabharthach, agus firinscneach sa ghinideach!

    ReplyDelete
  6. B'fhior duit, a Aine. Bhi me ag fanacht leis ag grianghraf sin, ag smaoineamh liom fein, ca bhfuil an muicin glas??? Cen chaoi a bhfuil si ar chor ar bith? An bhfuil tuirse uirthi ag iompar an stor mor airgead sin? Bhi imni orm fuithi! Go raibh maith agat ag cur m'intinn i suaimhneas aris. : )

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.