Monday, December 21, 2009

Garda Gary McLoughlin

Seachtain ó Dé hAoine seo caite, bhí mé féin agus an Garraíodóir i stáisiún nua na nGardaí i mBun Cranncha. Bhí beannú éacúiméineach ar siúl ann, agus bhí sé go deas an foirgneamh nua a fheiceáil, agus bualadh leis na gardaí éagsúla; fir and mná uaisle a chuir fearadh na fáilte romhainn uile.

Is beag a cheapamar, an Aoine sin, go mbeadh Aifreann eile sa stáisiún céanna dhá lá ina dhiaidh sin, tubaiste mhillteanach ag tabhairt daoine le chéile sa stáisiún arís, iad uile ag guí, le hathair agus máthair an Gharda Gary McLoughlin, go dtiocfadh sé slán ón gcontúirt ina raibh a bheatha san ospidéal i Leitir Ceanainn an oíche sin.

Casadh Gary orm geábh, i mo theach féin. Leaid gealgháireach béasach a bhí ann, lán le fuinneamh an tsaoil. Ach sciobadh an saol sin uaidh agus é i mbun a chuid oibre, agus d’imigh sé ar shlí na fírinne go gairid i ndiaidh an Aifrinn sin ar an Domhnach. Ní raibh sé ach 24 bliain d’aois.

Níl a fhios agam cén chaoi a dtiocfaidh a mhuintir, a chairde, a chailín, agus a chomhghleacaithe trí na seachtainí, na míonna, na blianta, atá amach rompu. Is bóthar fada é bóthar na buartha, agus tá súil agam go bhfaighidh siad uile faoiseamh de shaghas éigin, am éigin.

Go raibh síocháin le hanam álainn Garda Gary McLoughlin.
.

2 comments:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.