Tuesday, November 3, 2009

Seáinín Smaoiseach ag an Oireachtas

Tharla sé go raibh an fear dathúil greannmhar sin, Seáinín Smaoiseach, ag an Oireachtas, agus bhuaileamar lena chéile, anois is arís.

Chuir mé ceist air an raibh aon diabhlaíocht eile ag dul ar aghaidh aige na laethanta seo, neamhaird iomlán a dhéanamh agam den bhlonde lena thaobh, cé go bhfuil aithne mhaith agam ar an mblonde chéanna. Bhí jab le déanamh agam, ar bhur son, a léitheoirí, agus ní raibh am le cur amú agam, an dtuigeann sibh.

Bhí sé ag caint le go leor daoine, Tadhg ina measc. Creidim féin go raibh sé ag éisteacht go géar le focail Thaidhg, le go mbeadh sé in ann aithris a dhéanamh orthu arís, am éigin amach anseo. Ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh, ach bhí a chluasa géaraithe go maith aige, mar sin féin.

M’anam, a léitheoirí, nach bhfuil físeán eile curtha le chéile aige. Diabhlaí na rudaí a bhíonn ag dul ar aghaidh ag lucht Nuacht TG4 …



.

5 comments:

  1. Ar thóg tú grianghraf den áilleagán fir seo??

    ReplyDelete
  2. Ní raibh mo cheamara liom agam ...

    ReplyDelete
  3. An raibh aon ní sa bhreis le rá aige faoi na ráflaí go raibh sé i gceist ag TG4 a chlár féin a thabhairt dó?

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Chorgaighist, as an nasc thíos a chur ar fáil dom. Bhain mé sult as an bhfíseán.

    ReplyDelete
  5. M'anam, níor chuir mé an cheist sin air, a Dhubhaltaigh, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoi ráfla sin...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.