Friday, October 16, 2009

Grianmhar agus Sonny

Níl a fhios agam cá bhfuil tú inniu, a léitheoir, ná cén sórt aimsir atá i do chuideachta, ach tá an lá go hálainn grianmhar anseo in Inis Eoghain.

Táim ag glanadh tí ó mhaidin. Tá an dusta sin, air a rinne mé neamhaird le mí anuas, do mo bheannú leis an ngrian, é rud beag níos feiceálaí nuair a bhíonn gathanna na gréine beannaithe sin ag sileadh anuas air.

Nuair a bhím ag siúl, nó ag glanadh tí mar a bhí mé ar maidin, bíonn cluaisíní an raidió i mo chluasa; an áit is fearr, go deimhin, a léitheoirí, le cluaisíní a chur, i mo thuairim. Ach, sin mise. Fágfaidh mé fúibh féin é cén áit is fearr libh féin iad a chur.

Ar aon nós, bhí Joe Duffy ag labhairt le Sonny Knowles ar RTÉ Raidió 1, Liveline, um thráthnóna. Is fear é Sonny atá aitheanta mar amhránaí, le blianta fada, sa tír seo. Bhí leathbhádóirí an cheoil, agus cairde le Sonny, ar an gclár freisin, iad ag tréaslú leis, ó tharla go bhfuil sé tar éis dírbheathaisnéis a scríobh, agus a sheoladh. Rud éigin mar sin, ar aon nós.

Tá beirt iníon le Sonny, agus mac amháin leis, ina gcónaí san Astráil. Ní raibh siad in ann theacht go hÉirinn don chlár, ach bhí siad ar an bhfón ón tír sin. Agus é ag labhairt le lucht na hAstráile, d’fhiafraigh Joe de mhac Knowles, ‘And when he (Sonny) joins you for a beer in a pub over there, is he recognised?’

Freagra ó mhac Shonny, ‘Well, I recognise him, anyway.’

Thit mise, agus gach duine ar an gclár, timpeall na háite ag gáire. Greann agus grian in aon lá amháin, a léitheoirí. Nach mé atá beannaithe! Go mba é daoibh.
.

4 comments:

  1. Greann agus grian in aon lá amháin

    Sin comhtharlú nach éasca a shárú!

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom go raibh sórt buanchonartha ag an té céanna le RTÉ sna seachtóidí - agus gan ach cainéal teilifíse amháin againne san áit inar sracadh aníos mé! ;)

    Amhránaí ceabairé go smior é, nach ea?

    ReplyDelete
  3. Is cuimhin líomsa é freisean ó na seachtoidí.Fear cneasta a bhí ann igcónaí.Duirt sé le Gay Byrne lá amháin in RTE go raibh ar dul go dtí an leithreas an -mhinic.Dúirt Gay gur cheart do dul go dtí an doctúir.Chuaigh sé agus bhí ailse próstatach air.Gay, fear an dea-chomhairle riamh.

    ReplyDelete
  4. Sin an 'tráthúlacht' sin arís, a John M ...:-)

    http://miseaine.blogspot.com/2009/04/trathulacht.html

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.