Wednesday, September 9, 2009

Diamhasla greannmhar?

Éist liom anois, a léitheoirí, mar táim ag dul fainic bheag a fhágáil libh – ná héist leis an bpíosa seo ó youtube más rud gur duine goilliúnach atá ionat maidir le cúrsaí creidimh. ‘Religion is bullshit’ an t-ainm atá ar an taifeadadh, mar sin bígí ag súil leis an rud atá sibh ag súil leis óna leithéid de theideal.

Fear darbh ainm George Carlin atá ann, fear a dúirt a leithéid ‘Atheism is a non-prophet organisation', agus ‘I have as much authority as the Pope, I just don’t have as many people who believe it’ , agus ‘I was thinking about how people seem to read the Bible a whole lot more as they get older; then it dawned on me - they're cramming for their final exam’ , agus ‘Religion is just mind control’.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a chloisfidh greann san áit a gcloisfidh daoine eile diamhaslú. Agus sin mo cheist. An greann nó diamhasla atá sa taifeadadh, i do thuairim?

.

4 comments:

  1. Tá amhras orm an féidir le duine nach gcreideann a bheith dia mhaslach. Is cinnte go bhfuil maslaí sa phíosa dóibh siúd a chreideann agus a theagascann, agus go bhfuil sé á chuir in a leith go bhfuil siad ag seoladh daoine ar strae d'aon ghnó.

    Is dócha go gcuireann sé a chuid argóna chun cinn ar bhealach atá greannmhar, má roinneann tú a thuairimí (agus is léir gur roinn an lucht féachana iad).

    Mar sin, mo thuairimse - ní ceachtar acu atá ann!

    ReplyDelete
  2. Bhraith mé go raibh an chéad chúpla bomaite iontach greannmhar, agus de réir a chéile d'imigh cuid mhór den ghreann agus ba chineál de léacht a bhí ann sa dara cuid...(seachas cúpla píosa greannmhar anseo is ansiúd).

    Má tá Dia ann, nach Eisean a bhronn féith an ghrinn orainn? Ba chóir go mbeadh sé in ann sult a bhaint as an ghreann sin, fiú más ina Choinne féin atá sé!

    ReplyDelete
  3. George Carlin: May 12, 1937 – June 22, 2008
    Ar dheis Dé go raibh a anam! ;-)

    ReplyDelete
  4. D'fhéadfadh an ceart a bheith agat, a chara,

    Sin mo phointe, ar ndóigh - is ceist chiotach í, agus níl a fhios ag aon duine againn cá bhfuil an 'ceart' i ndáiríre.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.