Saturday, August 1, 2009

Focail liom, focail leat.

Is maith liom focail. Is mór an mhaith é sin. Tá siad chuile áit. Rámhaille ag réabadh istigh i mo chloigeann, mise i gcomhluadar na bhfocal.

B’fhéidir go gceapfaidh sibhse go bhfuilimse rud beag craiceáilte, ach tugaim rudaí faoi deara i bhfocail, ó am go chéile, nach bhfeicfeadh daoine eile, seans. Nuair a tharlaíonn sé go dtugaim rud faoi deara i bhfocal, rud nach mbaineann le gramadach ná le comhréir ná a dhath mar sin, is féidir leis iontas nó alltacht a chur orm, ag brath ar an rud a tharraing m’aire, an dtuigeann sibh.

Mar shampla, tá an focal ‘uasal’ millte orm ó thug mé faoi deara an focal ‘asal’ sáite istigh ann. Focal uasal a bhíodh ann domsa, tráth den saol, ach ní fheicim ach ‘asal’ ag breathnú amach orm nuair a fheicim é anois. Millte orm, atá sé.

Bígí ag gáire más mian libh, ach bíodh a fhios agaibh go bhfaca mé an focal ‘ifreann’ in ‘Aifreann’ chomh maith céanna, agus nílim róchinnte nach diamhaslú de shaghas éigin atá déanta agam ó rinne mé é sin. Ní cúis gháire é sin ar chor ar bith, mar d’fhéadfaí an dlí a chur orm, agus gan locht agam air! Ní d’aon turas a dhéanaim é, an dtuigeann sibh. Ní tallann é, deirtear liom, ach teagmhas de shaghas éigin, nach bhfuil nádúrtha, deirtear. Go bhfóire Cé orm!

Seachain iad, a deir tú! Seachain na focail! Tá sé deacair iad a sheachaint. Tá focail chuile áit. Fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a sheachaint, cén chaoi a ndéanfá é sin? D’fhéadfá do bhéal a dhúnadh agus ní bheadh na focail in ann éalú. Ach chloisfeá iad ó bhéal daoine eile, nach gcloisfeá? Ócé, d’fhéadfá do lámha a chur ar do chluasa agus ní fhéadfá na focail a chloisteáil ansin. Ach céard faoi na focail sin atá scríofa chuile áit? Céard? D’fhéadfá do shúile a dhúnadh, freisin. Ócé.

Fan go bhfeice mé anois. Tá tú i do sheasamh ansin, do bhéal dúnta, do lámha ar do chluasa, do shúile dúnta agat. An bhfuil na focail imithe? Tá siad ann fós, nach bhfuil! Tá siad istigh i do chloigeann, iad ag réabadh leo, ag caint leat i gcónaí. Ní féidir leat é sin a shéanadh.

Sea. Tá tú díreach cosúil liomsa. An gceapann tú go bhfuil mise craiceáilte anois…
.

5 comments:

  1. "Ní bhíonn íSEAL ná UASal ach thíos SEAL agus thUAS SEAL."

    Is léir nach tusa an t-aon duine a dhéanann é sin. :-)

    Bíonn CRAIC ag daoine CRAICeáilte, nach mbíonn?

    ReplyDelete
  2. Hmmm..."asal" ag breathnú amach as "uasal"?

    Samhlaíocht shaibhir ag obair agus ná bí buartha faoi sin, a Áine.

    Ar aon nós, is iomaí uasal a fheictear sa ghnáthshaol agus an chuma orthu go bhfuil an "u" tosaigh ar lár acu le fada an lá ;).

    Dála an scéil, i gCroinicí Narnia tá uasal (Rabadash) ann agus é ag breathnú amach as cruth asail.

    ReplyDelete
  3. Le ‘craic’ agus ‘samhlaíocht’ ann, ar a laghad ní bheidh mo shaol leadránach...:-)

    Agus is maith liom asail. Féach ar 'Donkey' sa scannán 'Shrek'...

    ReplyDelete
  4. Tá asail ionraic.

    Ach (ó thaobh sanasaíochta de) is daor an uasal ó cheart, seachas saor.

    Is dóigh liom gur philologists - lucht gráite focail - an chuid againn.

    ReplyDelete
  5. Hmm. Deir MacBain go bhfuil breall orm, agus nach ionann (mar a cheap mé) uasal agus vassal.

    Ó thaobh na sanasaíochta, pé scéal é.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.