Wednesday, July 8, 2009

An Ghaeilge Thall is Abhus

Tháinig bronntanas chugam an tseachtain seo ó dheirfiúr liom i Meiriceá. Dúirt sí liom coicís ó shin go raibh bronntanas ar an mbealach tríd an bpost, ceann ordaithe ón idirlíon a bheadh ann. Ní inseodh sí dom céard é, ach gur cheap sí go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart aici. Clog a tháinig, agus teachtaireacht leis ‘May it tick away many happy hours in your beautiful new home’.

Anois, níl Ceann Scríbe feicthe aici fós, ach tá an oiread sin cainte cloiste aici maidir leis uaimse, agus pictiúir go leor curtha ar aghaidh chuici, gur dócha go n-airíonn sí go bhfuil aithne aici ar an áit cheana féin. Cibé scéal é, tá aithne mhaith aici ormsa mar is clog ar leith a chuir sí chugam – is Gaelic Clock atá ann, sé sin le rá, is as Gaeilge atá na focail scríofa air. Anois, níl a fhios agam an bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile ach seo an suíomh as ar tháinig mo cheannsa. Ní Gaeilge an teanga atá scríofa ar an gclog sa phictiúr ar an suíomh, áfach, cé gur Gaelic Clock atá scríofa faoi, ach is clog as Gaeilge a tháinig ar aon nós, agus é díreach cosúil leis an gceann sa phictiúr, ach gur as Gaeilge atá an HAON, DÓ, TRÍ srl., scríofa air.

A bhuíochas ar Chon, fuair mé amach gur féidir t-léinte as Gaeilge a fháil anseo ag caintcampaign.com. Thug mé rud amháin eile faoi deara ar an suíomh seo, tá ‘write a song for the caint campaign’ acu:

Behind every good campaign, is a good song. A song that captivates and encompasses the very essence of its campaign. Caint is here to help and encourage the speaking of irish and we challenge every musician in Ireland to write a song that helps us spread the word of this campaign.The song must have at least a line, verse or chorus sung in Irish. All attempts can be emailed to paul@caintcampaign.com. All attempts will be shown here at www.caintcampaign.com. This site is receiving alot of traffic and we hope this will be encouragement to the young bands and musicians of Ireland (or anywhere else for that matter). We will help promote any musician who helps promote the Caint Campaign’.

Scaipígí an scéal, mura miste libh a léitheoirí. Tá tús curtha agam le m’amhrán féin, an fonn céanna aige agus atá ag ‘Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile’, agus seo chugaibh an curfá:

‘Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte,
‘S an ginideach ar a shála’

Mar a dhéanaim go rialta, thosaigh mé a útamáil liom tríd an suíomh, agus tháinig mé ar an suíomh seo ag gaeilgenaseachtaine.com. Is í Kay Uí Chinnéide atá i gceannas ar an suíomh seo, agus caithfear clárú, rud atá an-éasca a dhéanamh, a léitheoirí. Feicim lógó Fhoras na Gaeilge air, urraíocht tugtha acu don suíomh is cosúil. Maith iad! Is suíomh an-úsáideach é don tuismitheoir le déagóirí acu ar an meánscoil, nó d’fhoglaimeoirí ar bith, i mo thuairim. Is léir go dtuigeann Kay meon an fhoghlaimeora, agus tá an suíomh ag feidhmiú dá réir sin. Nár laga Cé í, agus go n-éirí go geal léi.
.

3 comments:

  1. Caithfidh mé a admháil nár thuig mé an mana atá ar an t-léine ar dtús:

    RITH AN MODH COINNIOLACH!

    The conditional mood ran? Huh?

    Is cosúil gurb é seo atá ar intinn acu:

    Rith! An Modh Coinníolach!

    Ádh mór orthu. Ach níl mise impressed.

    ReplyDelete
  2. Hi Áine:

    Oh no! Tá an séimhiú caillte
    Oh no! Tá an séimhiú caillte
    Oh no! Tá an séimhiú caillte,
    ‘S an ginideach ar a shála’

    N’fheadar an bhfuil dul amú ort sa mhéid a scríobh tú thuas. Más ag leanúint conair na Breatnaise atá an Ghaeilge, beidh deireadh leis an nginideach, ach beidh treisiú le séimhiú agus urú. Tamall de bhlianta ó shin agus muid sa bheár i Ros a’ Mhíl, bhí scata déagóirí ag imirt billiards sa seomra taobh linn. Chuir mé cluas éisteachta orm féin féachaint cén teanga a bhí á labhairt acu. Gaeilge a chuala mé, ach a leithéid de Ghaeilge ní raibh cloiste agam riamh roimhe. Tréaniolraí ag beagnach gach ainmfhocal; ‘leabhracha’ in áit ‘leabhair, ‘fearacha’ in áit ‘fir’; cótaí na bhfearacha’ in áit ‘cótaí na bhfear’.
    ainmneach le séimhiú in áit ginideach le séimhiú ‘ainm an fhear sin’

    Níl teacht agam faoi láthair ar na nótaí a scríobh mé oíche an lae sin, ach is leor na samplaí thuas chun a áitiú orm go leanfaidh meath an ghinidigh, ach go bhfanfaidh na claochluithe tosaigh. Chuir mé a raibh cloiste agam faoi bhráid eolaithe ar an teanga. Níor chreid siad focal de. Eisceacht amháin ab ea Kim McCone, Ollamh le SeanGhaeilge agus Bascais in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Chreid seisean go raibh breall orm i gcás mórán dár chuala mé ach go raibh an ceart agam i gcás na dtréaniolraí agus na gclaochluithe tosaigh. Deir mo chéile go bhfuil iarracht de bhodhaire orm, ach n’fheadar féin.

    ReplyDelete
  3. Dennis, chonaic mé go raibh Con ag scríobh faoi http://www.gaelshirt.com ar maidin, agus tá t-léinte iontacha ar an suíomh sin, más mian leat súil a chaitheamh orthu.

    SeánO, is minic na tréaniolraí in úsáid sa chaint in iarthar na tíre, agus tá an séimhiú beo beathach sa taobh seo tíre, i dTír Chonaill, caithfidh mé a rá; an t-urú beo beathach i gConamara freisin. Ní raibh san amhrán sin uaim ach giota spraoi. Ach is cuma. Ní raibh uaim, i ndáiríre, ach aird a tharraingt ar an méid atá ar bun ag an caintcampaign, le go mbeadh léitheoirí ar an eolas faoi, agus in ann an scéal a scaipeadh.

    Tá an teanga ag athrú gan dabht. ‘Sé mo thuairim féin go bhfuil sé de cheart ag na cainteoirí dúchasacha, is cuma cén chanúint atá acu, cloí leis an gcanúint sin, cibé treo ina bhfuil sí ag dul, díreach mar a dhéantar leis na canúintí éagsúla sa Bhéarla. Ach teastaíonn caighdeán ón bhfoghlaimeoir, ceann atá gan éiginnteacht, agus gan an oiread sin eisceachtaí srl., mar atá ann i láthair na huaire.

    An féidir an caighdeán a shimpliú agus a chur in eagar? Shilfeá go gcaithfeadh sé go bhfuil bealach éigin ann socrú ar chaighdeán a chuideodh leis an bhfoghlaimeoir, gan é a bhrú ar an gcainteoir dúchais, sé sin, bíodh caighdeán ann sa rang, sa scoil, sna gairmeacha Gaeilge, mar atá leis an mBéarla sna ranganna, sna scoileanna, agus sna gairmeacha Béarla, cé nach bhfuil caighdeán in úsáid i gcónaí ag Béarlóirí ina gcanúintí éagsúla agus iad ag labhairt leo. Agus an ceart sin acu uile, i mo thuairim!

    Is léir domsa, ón méid a chloisim i gclóis scoileanna sna Gaeltachtaí, nach féidir brath go hiomlán ar na Gaeltachtaí an teanga a choinneáil beo. Feictear domsa go bhfuil borradh agus biseach ar an teanga sna Galltachtaí, ach níl caighdeán foirfe ar fáil fós, agus chuideodh a leithéid go mór.

    Creidim go bhfuil an tAire Ó Cuív ag dul sa treo ceart leis an bhfadhb seo. Go mall, ach go cinnte - tá súil agam!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.