Tuesday, June 9, 2009

Vótáil agus Vótálaithe

Tá an vótáil thart, agus beimid uaigneach gan í nuair a stopfaidh an callán. Tá sé mar an gcéanna chuile uair a bhíonn toghchán ann. Caint, caint, caint, agus tuilleadh cainte. Tá daoine ann a déarfadh bréag, bréag, bréag agus tuilleadh bréag, ach sin scéal eile.

Ní duine polaitiúil mé féin, cé go bhfuil suim mhór agam sa pholaitíocht. Braitheann mo vóta go mór ar an té, nó ar an bpáirtí, is fearr a fheileann domsa, don áit agus don tír ag an am, agus i mo thuairim. Ní chloím le páirtí ar leith, ach éistim leo uile sula ndéanaim mo rogha. Labhraím féin agus an Garraíodóir lena chéile, agus labhraím le daoine eile maidir leis na polasaithe éagsúla, maidir leis na páirtithe éagsúla, agus maidir leis na polaiteoirí éagsúla. Is maith liom mé féin a chur ar an eolas ar an dóigh sin. Cuidíonn sé liom mo chinneadh a dhéanamh, chomh hionraic agus is féidir liom.

Thug mé faoi deara, le blianta beaga anuas, go n-éiríonn go maith le polaiteoirí nach bhfuil chomh hionraic le mo vóta, b’fhéidir. Is féidir le polaiteoirí éagsúla, as foinsí éiginnte nó amhrasach, tithe a cheannach, cur lena dtithe, claí a chur timpeall ar a dtithe, airgead éiginnte a shaothrú, bealaí le hairgead éiginnte a shaothrú a mholadh do dhaoine, caitheamh go dona le daoine, nó fiú seal ama a chaitheamh i bpríosún, agus éireoidh thar barr leis an bpolaiteoir sin sna toghcháin. Go deimhin, is minic iad ar bharr an liosta nuair a bhíonn na vótaí comhairthe! Meas tú cén fáth é sin, a léitheoir?

An é gur fearr leis na vótálaithe sin an polaiteoir a bhfuil rud beag den chleasaí cluanach ag baint leis nó léi? An é gur fearr leo an polaiteoir le rud beag den bhulaí mar mhianach ann nó inti? Nó an é go bhfuil daoine den tuairim gur fearr an diabhal atá ar a n-aithne ná an diabhal nach bhfuil ar a n-aithne? Nó an é go gceapann daoine nach bhfuil a dhath mícheart leis an gcineál iompair sin? An é go gceapann siad go gcaithfear a leithéid de mhianach a bheith ionat le bheith i do pholaiteoir? Nó, an é gur cuma leo faoi mhianach nó faoi stair an pholaiteora a fhad agus go gcomhlíonann an polaiteoir sin na gealltanais a thug sé/sí dóibh roimh an toghchán?

B’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil siad ag tabhairt teachtaireachta, ag cur in iúl gurb iadsan atá i gceannas, ar a laghad anois is arís, nuair a bhíonn deis acu cic sa tóin a thabhairt do cibé rialtas atá i bhfeidhm ag an am, agus nach bhfuil ag éisteacht leo. Cibé scéal é, tá meascán mearaí de pholaiteoirí úra úrchneasacha i measc na bpolaiteoirí róchaifeacha rocacha anois agus tá siad uile ag ullmhú. Bígí réidh, a lucht leanúna, do shiamsa an tsorcais.
.

2 comments:

  1. An ag rá linn atá tú go bhfuil na hÉireannaigh cosúil leis na hIodálaigh?! Tá siadsan breá sásta a vóta a thabhairt do Bherlusconi arís is arís eile, cé go bhfuil níos mó ná rud bheag den chleasaí is den bhulaí ann.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir go bhfuil baint éigin le creideamh...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.