Wednesday, June 10, 2009

Uimhir a hAon

Ó tharla mé as baile lá na vótála, chuir mé glaoch ar Ghráinneog le cinntiú nach raibh dearmad déanta aici féin agus ag An Pluiméir vóta a chaitheamh. Beidh mé i mo thuismitheoir go brách na breithe!

“Now, should I put an ‘X’ beside the person I want to vote for?” a dúirt sí, agus í ag magadh fúm. “Very funny.” a dúirt mé féin. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil go leor daoine ann nach dtuigeann an dóigh le vóta a chaitheamh mar is ceart. Tá daoine ann a chuireann ‘X’ roimh ainm an iarrthóra, agus a dhéanann sin síos tríd an bpáipéar ballóide, is cuma cén méid vóta atá á chaitheamh acu ar an bpáipéar ballóide ar leith sin.

Tá daoine eile ann a chuireann uimhir 1 roimh ainm iarrthóra ar pháipéar ballóide amháin, agus a leanann ar aghaidh le huimhir 2 ar an gcéad pháipéar ballóide eile, agus mar sin de, gan tuiscint acu go gcaithfear tosú le huimhir 1 arís ar an dara páipéar. Agus tá daoine eile fós a chuireann 1,2,3, ó bharr go bun ar an bpáipéar ballóide, sé sin, tugann siad uimhir 1 don chéad ainm, uimhir 2 don dara hainm, uimhir 3 don tríú hainm, is cuma cén t-ainm atá ann, mar nach dtuigeann siad céard atá i gceist. Tá daoine ann nach ligfeadh orthu féin nach dtuigeann siad, agus tá daoine ann nach dtuigeann nach dtuigeann siad. An dtuigeann sibh? Sea.

Ar ndóigh, tá daoine ann a mhilleann a vótaí d’aon turas, mar go bhfuil siad bréan de na hiarrthóirí uile agus den rialtas, b’fhéidir, ach is léir go bhfuil go leor daoine ann nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh mar is ceart. B’fhéidir gurb fhiú don rialtas fógraí teilifíse a chur ar fáil, amach anseo, roimh an gcéad toghchán eile, a thaispeánfadh an modh vótála do dhaoine, le nach mbeadh a vótaí ag dul amú orthu de thoradh easpa tuisceana. Níl ann ach smaoineamh. Sin mise. De shíor ag cur sróine san áit nach mbaineann léi.

Ní ba mhoille sa lá, chuir mé glaoch ar An Pluiméir. “Did you vote, son?” a d’iarr mé féin. “I did.” a dúirt sé. “And do you know who got my number 1 vote?” a d’iarr sé. “No, son, and I don’t need to know. That is your business.” a dúirt mé féin. “You.” a dúirt sé. “You always get my number 1.” Anois, nach ndearna mé jab maith agus mé ag múineadh an leaid sin…
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.