Saturday, June 13, 2009

Fadhbanna agus Fabhtanna

An ionann fadhb agus fabht, nó bhfuil a chiall féin acu? Sin mo cheist orm féin inniu agus mé ag iarraidh ciall cheart a bhaint as cúpla rud a chuala mé, nó a léigh mé, fúthu le lá nó dhó. An bhfuil fadhbanna ag Foinse agus ag an Iona Isle, nó an bhfuil fabhtanna iontu?

Ar ndóigh, tá a fhios agam nach bhfuil baint ar bith ar an dá rud lena chéile, ach amháin gur dócha go mbeidh Foinse ag tráchtaireacht ar an Iona Isle, sé sin má éiríonn le Foinse na fadhbanna atá acu le fabhtanna an Fhorais a chur ina gceart. Nó, an é go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge na fadhbanna atá acu le fabhtanna Fhoinse a chur ina gceart? An é go bhfuil fadhbanna agus fabhtanna sa dá eagras? Nó, an é nach bhfuil fabhtanna i gceachtar acu, ach go bhfuil fadhbanna an lagtrá náisiúnta ag dul i bhfeidhm orthu?

Agus cá bhfuil an locht i gcás an Iona Isle? Is léir go bhfuil fadhbanna ann agus í curtha go tóin poill, ach ní fabhtanna an bháid ba chúis leis ach fir le fabhtanna dá gcuid féin acu, an ea? Agus, an bhfuil fadhb leis an scéal seo, freisin, nuair nach bhfuil a fhios cé hiad na fir fhabhtacha seo? Bhfuil fadhbanna acu nó leo?

Ná bígí ag ceapadh, a léitheoirí, go bhfuilimse ag déanamh beag d’fhadhbanna na ndaoine atá páirteach sa dá scéal seo, ná go bhfuilim ag cur fabhtanna ina leith. Nílim. Tá mo dhóthain fadhbanna agus/nó fabhtanna agam féin, agus is minic nach féidir liom ciall cheart a bhaint astu sin ach an oiread.
.

2 comments:

  1. Bhuel, mar innealtóir bheadh brí ar léith agam le fabht agus fadhb. Locht éigin in earra atá i bhfabht. Eascraíonn fadhbanna as fabhtanna go minic, ach is féidir teacht timpeall ar fhadhbanna. Caithfear an earra a leasú chun fáil réidh le fabht.

    Ach n'fheadar cén leigheas atá ar cheisteanna an Iona Isle. Tá scéil Ros Dumhach ag éirí níos dú agus casta de réir a chéile. Níl fhios agam an féidir muinín a bheith in aon dream.

    Agus is fada ó bhí muinín i bhFolús na Gaeilge agam....

    ReplyDelete
  2. Tá sé deacair na rudaí seo a thuiscint in amanna, a chara, gan trácht ar leigheas a fháil orthu!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.