Saturday, June 6, 2009

Comhdháil agus Comhdhall

Bhí mé in áit, le déanaí, agus ba léir go raibh cruinniú de shaghas éigin ag dul ar aghaidh mar go raibh comhaid á n-iompar ag na daoine a bhí ag siúl isteach san ionad, agus málaí cáipéisí ag cuid mhór acu. Ba léir, freisin, go raibh baint éigin ag an gcruinniú le cúrsaí eaglaise, nó a leithéid, mar go raibh culaith na heaglaise ar chuid de na daoine. Mise: “Must be some sort of religious conference.” Glór le mo thaobh: “Those must be the P.Doe Files they are carrying.”

Anois, ní raibh an duine le mo thaobh ag déanamh beag den ábhar, nó ag iarraidh ceap magaidh a dhéanamh de ghrúpa ar leith, ach sé mo thaithí thar na blianta gur minic a bhaineann daoine úsáid as an ngreann, íorónta agus aorach, nuair nach féidir leo ciall ná réasún a dhéanamh d’ábhar.

Agus thuigfeá sin. Cé nach féidir lochtanna duine amháin a chur i leith na gairme iomláine lena mbaineann sé/sí, is minic an ghairm sin lochtach agus bodhar nuair a chloiseann sí Callán na gCogar. Is minic é cloiste againn, le teacht na mbinsí breithimh, go raibh polaiteoirí, dochtúirí, gardaí, eaglaisí, srl., ar an eolas faoi fhadhbanna ar leith ina ngairmeacha éagsúla, go raibh ‘cogair’ i measc a gcomhghleacaithe, go raibh ‘rud éigin’ nach raibh ‘baileach ceart’ faoin rud éigin sin, ach neamhaird an toradh, shílfeá.

Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar teann faitís. Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar teann bulaíochta. Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar mar gurbh fheil sé dóibh. Is iomaí comhdhall ag comhdháil.
.

5 comments:

  1. Cad é an Ghaeilge ar "go along to get along"?

    Aiste an-dea-dhéanta í sin, a Áine.

    ReplyDelete
  2. "Ag tochras ar do cheirtlín féin" b'fhéidir, nó, "Is binn béal ina thost" mar atá "See no evil, hear no evil..."? Céard do bharúil?

    Is maith liom gur thaitin an aiste leat. Buíochas as do mholadh.

    ReplyDelete
  3. Tá na nathanna seo agam i mBéarla:

    Ná luasc an bád!
    Ná hiompaigh cairt na n-úll!
    Ná déan tonnta!

    Ach níl a leathbhreac agam i nGaeilge. :-(

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.