Sunday, May 3, 2009

Pléaráca i gConamara

Dhá lá áille grianmhara a chaitheamar i gCathair na Gaillimhe ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin. Faraor, ní hionann an aimsir a bhí romhainn i gCeantar na nOileán ar an Aoine, ná go dtí seo. Is cuma. Tá mé fós in ann na sléibhte agus an fharraige a fheiceáil.

Nuair a dhúisigh mé ar maidin inniu, bhí an ghrian ag spraoi istigh sa seomra leapa agus bhí orm éirí mar gheall ar an gcallán uaithi. Tá an teach soghluaiste anseo sách beag ach faoin am a shroich mé an chistin, ní raibh tásc ná tuairisc ar an ngrian. Tá sí ag teacht agus ag imeacht ó shin, ag damhsa ar bharr na sléibhte agus ag troid le tonnta na farraige. Beidh an bua ag na tonnta inniu, ceapaim, mar go bhfuil an ghaoth ag taobhú leo.

Nach iontach an pléaráca atá ar bun ag Ollmháthair na Cruinne inniu, agus nach aoibhinn liom go bhfuilim sa lucht féachana anseo i gConamara.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.