Sunday, May 3, 2009

Me-thuiscint

Focal nuachumtha ansin thuas duitse uaimse, a léitheoir. Sin an focal atá cumtha agam don sórt tuisceana a bhainim féin as rialacha na gramadaí. Tá sé fós le faomhadh ag an gCoiste Téarmaíochta, ach iad a chur ar an eolas faoi. B’fhéidir gurbh fhearr é a choinneáil eadrainn féin, a léitheoirí. Tá a dhóthain le déanamh ag an gCoiste bocht, nach dtagann le chéile ach uair sa mhí, ceapaim, le fadhbanna uile na téarmaíochta Gaeilge a réiteach. Níor mhaith liom m’fhocal nuachumtha a chur faoina bhráid ar fhaitíos an t-ualach sin a mhéadú.

Tá cuid de rialacha na gramadaí Gaeilge casta agus amscaí mar is eol daoibh, a léitheoirí, agus bím ag streachailt leo go minic…go hiondúil…go deimhin. Ar ndóigh, b’fhéidir gur míthuiscint iomlán atá sa Me-thuiscint, ach is liomsa an tuiscint mar sin féin, bíodh sí ceart nó mícheart.

Cuirim na Me-thuiscintí sin uile isteach i sórt leabhair atá curtha le chéile agam dom féin, dár dteideal ‘Me-thuiscint’.© MiseÁine atá ann. Tá sé anseo le mo thaobh, leathanaigh agus nótaí greamaithe le chéile mar a bheadh stoirm ann, le go mbeidh mé in ann a theacht ar fhreagra go gasta, seachas a bheith ag crúbaireacht trí na leabhair ghramadaí uile atá timpeall orm ar an mbord, agus ar dheasc an ríomhaire, an t-am ar fad…i gcónaí…go síoraí.

Roinnfidh mé Me-thuiscint nó dhó leat ó am go chéile, a léitheoir, nó, ar a laghad, roinnfidh mé na foinsí leat. © ag na húdair sin. Mura mian leat iad, tá an clásal rogha an diúltaithe fós ar fáil duit sa bhosca sin, thuas sa chúinne ansin.

Anois, nach mé atá bronntach!



3 comments:

  1. Is deas é! Cuireann sé i gcuimhne dom focal a chuala mé ó mo mháthair a bhí cloiste aici féin agus í beag ó sheanbhean thuas i gContae Ros Comáin. An focal a bhí aici ar "unconcious" ná "caint-less" :)

    ReplyDelete
  2. Iontach! Cuireann sé scéal eile ar shúile m'aigne. Bhí mo mhac óg agus beag nuair a tháinig Marks & Spenser go Doire don chéad uair. Chuala sé mise agus cara liom ag caint faoi chomh daor agus a bhí rudaí ann ag an am agus dúirt linn "That's probably why it's called Marks Expensive.". An spúnaraíocht sin, do bharúil?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.