Wednesday, May 6, 2009

Na Trí Theach

Tá na trí theach úd, na cinn atá faoi mo chúram, taobh lena chéile ar an mbóthar céanna. Ag uimhir a dó, tá an teach atá ar cíos fadtéarmach ag Mamó Chorcaí, agus bíonn sí ag teacht agus ag imeacht léi go minic i gcaitheamh na bliana. Tá sí as baile i láthair na huaire agus téim isteach ann chuile mhaidin le fuinneoga a oscailt agus mar sin de.

Ag uimhir a haon, tá teach mo mhic, an teach ina bhfuilimid ag fanacht i láthair na huaire, go dtí go mbeidh an teach nua atá taobh leis réidh faoinár gcoinne. Is sa teach seo, ag uimhir a haon, a thógamar na páistí, mé féin agus an Garraíodóir, agus is ann a rinneadh na cuimhní cinn sin a thabharfaimid linn isteach go dtí an teach nua. Roinnfidh mé ceann nó dhó de na cuimhní cinn sin libh amach anseo, a léitheoirí.

Ó tharla gur uimhir a haon a bhí riamh ar an teach seo ina bhfuilim ag scríobh ag an bpointe seo, agus ó tharla gur tógadh teach taobh leis atá anois ag bun an bhóthair, san áit a b’iondúil do theach le huimhir a haon mar ainm air a bheith, bhí orainn ainm a thabhairt don teach nua. Chaith mé go leor ama ag dul trí na hainmneacha uile a d’fhéadfadh duine a thabhairt do theach atá taobh na habhann, atá garr do dhroichead, le crainn timpeall air. I ndeireadh na dála, ní raibh ach ainm amháin a d’fheil don teach, agus d’aithin mé é chomh luath agus a bhuail sé cnag ar dhoras mo chroí.

I gceann coicíse, beidh mé féin agus an Garraíodóir ag bogadh. Tabharfaimid linn na cuimhní cinn as uimhir a haon agus tosóimid ar chuimhní cinn nua a chur leo istigh i gCeann Scríbe.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.