Monday, May 25, 2009

Cailleach na Comhairle

MÁ: Ceapaim go scríobhfaidh mé rud éigin faoi Leabhair Mhóra na bhFear.

CnaC: Dár crísce! Ná habair liom go bhfuil tú ag trácht ar na leabhair sin a rialaíonn na reiligiúin éagsúla?

MÁ: B'fhéidir é.

CnaC: Ach cén fáth an dtabharfá sin sa mhullach ort féin? Agus cá bhfuair tú an t-ainm sin ‘Leabhair Mhóra na bhFear’?

MÁ: Nach fir amháin a scríobh iad?

CnaC: B’fhéidir. Ach cá bhfios duit nach raibh bean ar bith páirteach iontu?

MÁ: Bheul, an bhfuil cothromas agus comhionannas iontu do mhná agus páistí?

CnaC: Níl sna scéalta iontu ach fabhalscéalta go minic, deirtear.

MÁ: Ach creideann daoine áirithe gur fíor scéalta go leor acu. Is minic na mná agus na páistí thíos leis, agus fir go leor freisin.

CnaC: Ní tharlaíonn a leithéid sa tír seo.

MÁ: Bheul, tá a fhios agam nach bhfuil baisteadh gintlí, ná imghearradh, sna creidimh is coitianta sa tír seo, mar shampla, ach cloisim go bhfuil a leithéid ag tarlú anseo, ó tharla an oiread daoine le creidimh éagsúla anseo anois. An bhfuil saoirse creidimh ag na daoine sin, fiú mura n-aontaíonn an creideamh is coitianta sa tír leo?

CnaC: Níl, má tá sé barbartha.

MÁ: Ach, abair gur mar sin atá an riail ina Leabharsan b’fhéidir. Nó ina gcultúrsan. Más mar sin a chreideann siadsan. Cá bhfios duitse nach bhfuil an ceart acu?

CnaC: Is cuma. Ní cheadófar é má tá an creideamh sin, nó an Leabhar sin, mícheart.

MÁ: Cén Leabhar atá ceart mar sin?

CnaC: Ceann na tíre seo, b'fhéidir.

MÁ: Cén ceann sin? An ceann nach dtugann cead do mhná bheith ina sagairt, an ea? An bhfuil comhionannas do mhná agus páistí sa Leabhar sin, meas tú?

CnaC: Rialaítear gach reiligiún óna Leabhar féin, lena slat tomhais féin.

MÁ: Ach, nach sin an fhadhb? Tá níos mó ná Leabhar amháin ann, agus rialacha éagsúla iontu uile, gach ceann ag maíomh gur aige féin atá an ceart. Agus maidir leis an tslat tomhais, nach é an tslat a bhíonn in úsáid go minic leis na rialacha sin a chur i bhfeidhm ar dhaoine i dtíortha éagsúla?

CnaC: Ná tosaigh ar an gcraic sin! Tarraingeoidh tú ruaille buaille, agus tú féin a bheas thíos leis.

MÁ: Cén chaoi?

CnaC: Nach bhfaca tú céard a tharla do Bhradán! Agus sa tír seo, sagart ar bith a labhair amach san am a caitheamh, cuireadh thar lear é; bogadh gardaí amach as an gceantar ina raibh siad lonnaithe dá dtabharfaidís aird ar an fhadhb, agus cuireadh mná faoi ghlas, más fíor na scéalta a chloistear.

MÁ: Ach níl sin féaráilte! Caithfidh mé labhairt amach. Scríobhfaidh mé faoi ar mo bhlag.

CnaC: Ní féidir leat é sin a dhéanamh!

MÁ: Cén fáth?

CnaC: Tá rialacha ann, agus cinn nua ag teacht ar an bhfód.

MÁ: Cé atá á gcur i bhfeidhm?

CnaC: Fear éigin, sa rialtas.

MÁ: Agus cén fáth a stopfadh na rialacha nua sin mise ag scríobh faoin éagothroime atá sna Leabhair seo, más sin mo thuairim?

CnaC: Blaisféim, a Áine, blaisféim.

MÁ: Níl cead agam mo thuairim a roinnt, ná a phlé fiú?

CnaC: Mholfainn duit gan aon rud a scríobh.

MÁ: Ócé. Ní dhéarfaidh mé a dhath.

CnaC: Maith an bhean.
.

6 comments:

  1. Misneach, a bhean groí!

    Is fíor gur fear mé, agus go bhfuilim dilís do leagan airithe de na leabhra úd go bhfuilir amhrasach futhu.

    Ach ní dóigh liom gur diamhasla a bheadh in aon cheistiú air, pé ar bith.

    ReplyDelete
  2. Thug mé faoi deara go raibh trácht sa bhreis ar an mblag inniu, agus ansin thug mé faoi deara gur luaigh tú mo shuíomh ar dhaltaí.com, a Aonghuis. Maith thú as an eolas sin faoin gcaighdeán a roinnt leo.

    Ní raibh mé féin eolach ar leath de na foinsí go dtí gur thosaigh mé ag cartadh liom, agus is deas go bhfuil foghlaimeoirí ag baint úsáid as na cinn a d’aimsigh mé féin – go minic trí thimpiste! Chuir mé an stuif sin ar an mblag le cuidiú le daoine, agus is maith liom go mbeidh daoine in ann leas a bhaint astu. Go raibh maith agat as iad a chur ar an eolas fúthu.

    Is foghlaimeoirí muid uile, agus is ar scáth a chéile a mhairfimid, a chara.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, Áine, ta fadhb leis an nasc do eochairchomharthaí eile thall - deir mo bhogearra frith turscar go bhfuil "trojan" ar an suíomh sin.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat, a Aonghuis. Bhain mé den bhlag é, ar fhaitíos na bhfaitíos!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.