Friday, December 24, 2010

Uaimse Chugaibhse

Airím uaim mo bhlagáil rialta na laethanta seo, a chairde. Táim gnóthach i gCeann Scríbe, clann agus comhluadar liom anseo chuile lá, gan deis agam suí ag mo ríomhaire, mar is iondúil liom. Go deimhin, is mar sin a bheas an scéal, go ceann seachtaine, nó mar sin. An Nollaig, an dtuigeann sibh. Am ar leith den bhliain, mar is eol daoibh.

Beannachtaí an tséasúir uaim chugaibhse, a léitheoirí dile; go dtuga bhur gCé slán abhaile sibh, go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha, póiteanna san áireamh.

Bainigí sult as an laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais go luath.
.

9 comments:

  1. Nollaig shona duit agus daoibh, a chroí!

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Áine.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" chugaibh go léir i gCeann Scríbe

    Beannachtaí na Féile

    ReplyDelete
  3. Áine chonaic mé do pictiúir i Gaelscéal, ag léamh do bhlag i rith na bhliana cheapas gur seanbhean le cheann críona a bhí ionat, agus nílim ag caitheamh síos ar na seanaoiseoirí, ach bhí ionadh orm nuair a chonaic me an bhean óg gneasúil a bhfuil a clann tógtha aici.Táim in éad don Gharraidóir annocht. Beir bhua agus lean leis an obair fiúntach i 2011.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh uilig! Táim ag baint an-suilt as an séasúr, caithfidh mé a rá.

    @ 'an bhean óg gneasúil'

    Bhuel, go raibh maith agat, a John M! Ní fhaca mé eagrán na seachtaine seo fós, ó tharla nár tháinig sé go hInis Eoghan leis an sneachta - nó de thoradh an tsneachta!

    Mar a tharla sé, is é an Garraíodóir féin a thóg an ghrianghraf sin an tseachtain seo caite, agus más rud go bhfuilim ar chor ar bith óg ag breathnú, is é an fear uasal sin is cúis leis, go deimhin!

    Agus, cuidíonn smideadh, gan dabht...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.