Monday, December 20, 2010

Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge - Tréimhse 4

Tá tréimhse comhairliúcháin a ceathair de phróiseas athbhreithnithe an CSA ar an gCaighdeán Oifigiúil tosaithe ó thús na míosa, agus is í an Aoine, 31 Nollaig, 2010, an sprioc le haghaidh bhur n-aighneachtaí ar ábhar na tréimhse seo,

'Moltaí faoi chlaochluithe tosaigh [an séimhiú, an t-urú agus h roimh ghuta]'.

Is féidir gach eolas a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo.
.

2 comments:

  1. Na Claochluithe Tosaigh

    Is de dhlúth agus inneach na teanga anois iad cé gur rí-ait le foghlaimeoirí iad agus iad ag casadh leo den chéad uair. Dar liomsa, b’fhearr dá mbeadh saghas amháin de chlaochlú ann, séimhiú nó urú (fágaimis an ‘h’ ar leataobh inniu), ach níl ar mo chumas teacht ar phlean nach mbeadh ach an t-aon sort claochlú ann. Más le séimhiú a chloítear sa tuiseal tabharthach uatha, beidh urú againn fós i ndiaidh ‘i’ agus ‘nach’ etc. Agus dá rachaimid le (h)urú sa tabharthach uatha, bheadh séimhiú de díth orainn fós tar éis ‘mo’, ‘do’ etc. Níl aon dul as againn agus fiú más é an moladh ag deireadh an phróisis dul leis an urú seachas an séimhiú, mar shampla, bheadh an dá short de dhíth orainn i gcásanna eile. Is dócha gur leid é go bhfuil mo chuid Gaeilge athshealbhaithe agam, gur ar éigean a thugaim na claochluithe faoi deara anois agus daoine ag labhairt liom.
    Feicim nach bhfuil oiread agus focal amháin scríofa ag éinne i dtaobh ábhar nóta Áine. An ea nach bhfuil barúil no moladh ag éinne agaibh i dtaobh na ceiste seo? Bheinn féin i bhfabhar cosc a chur ar ‘f-séimhithe’

    ReplyDelete
  2. Tá sé fós le léamh ina iomláine agam, a SheáinÓ, agus níor mhaith liom tuairim a thabhairt, go dtí go mbeidh sé léite agam - súil agam é sin a dhéanamh tar éis na Nollag, ach roimh dheireadh na míosa.

    Thug mé faoi deara an focal 'comhúdarás' in úsáid sna moltaí, nuair a chaith mé súil orthu cúpla seachtain ó shin, agus sé an chéad smaoineamh a rith liom, bíodh mé ceart nó mícheart, ná go mbeadh cainteoirí dúchasacha i bhfabhar a leithéid. Beidh le feiceáil.

    Maidir leis an 'f-séimhithe', cé go scríobhaim 'san fhuinneog' is 'sa bhfuinneog' a deirim. Beidh mé breá sásta más rud go gcuirtear deireadh le dícháiliú 'den,don,sa(n)', le go mbeidh mé in ann mo 'phatrún' a leanúint...:-)

    @ ' An ea nach bhfuil barúil no moladh ag éinne agaibh i dtaobh na ceiste seo?'

    Táim den bharúil go bhfuil daoine ag léamh na moltaí, agus ag roinnt a dtuairimí go díreach leis an CSA. Sin mar a rinne mé féin, pé scéal é.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.