Friday, December 3, 2010

Ár n-arán laethúil...

...tabhair dóibh inniu, le bhur dtoil. Ná déanaimis dearmad orthu, a léitheoirí.

Éan...
Dó...
Trí...

...scaip an scéal! Agus an t-arán. Mura miste libh, a chairde na n-éan.
.

14 comments:

  1. Chuir mé féin dhá dáileoir síolta amach sa ghairdín agus bhíodar ann ina n-ealta sula bhfad.

    ReplyDelete
  2. Tá mé cairdiúil le triúr préachán a thagann go dtí an doras nuair a fheiceann siad mé ag imeacht nó ag teacht abhaile. Tugaim arán dóibh uaireanta, agus cnónna uaireanta, ach is fearr leo feoil! Thug mé cúpla slis muicfheola rósta dóibh inné. Bhíodar an-sásta.

    ReplyDelete
  3. Maith thú, a Aonghuis!

    Tá an sneachta go hálainn, ach ní do na héin bhochta ocracha.

    Tá beartáin le síolta iontu crochta ag an nGarraíodóir ar na crainn timpeall orainn anseo - fiú ar an líne éadaigh!

    Bhuel, ní féidir éadaí a chrochadh ar an líne na laethanta seo, pé scéal é...:-)

    ReplyDelete
  4. Céard a cheapann Michael agus Molly faoi na préacháin, a Dennis?

    Bíonn Sióg ag coinneáil súil ghéar ar na héin, ó fhuinneog na cistine, ach ní ligtear amach é, go mbíonn gach rud ite acu!

    ReplyDelete
  5. Nuair a bhíos i mo gharsún óg do chonaic mé an scannán siúd leis na héin a dhein an t-uasal Hitchcock. Bhí eagla orm roimh éin ina dhiaidh sin.

    Fóibe a bhí ann i ndáiríre. Nuair a bheathaíodh mo mháthair na héin fiáine sa chlós taobh thiar dár dteach cónaithe fadó bhíodh orm fanúint istigh ar an ábhar go gcuireadh na héín anbhá orm. Níor sháraigh me an fhóibe sin go hiomlán riamh.

    Dála an scéil, tá an abairt "tá eagla orm roimh éin" (Ich habe Angst vor Vögeln.) athbhríoch go leor sa Ghearmáinis... agus ach,ar amhéid,... ahem... leathcheart.

    ReplyDelete
  6. Ní bheadh ceannlitir ann do bhriathar....

    ReplyDelete
  7. Bheadh, mar sa chás seo is ainmfhocal é an briathar ó thaobh na gramadaí de.

    "Substantiviertes Verb" atá i gceist.)

    ReplyDelete
  8. Agus uisce, a Áine.

    Is chan díobháil bia ach easpa dí a d'fhág an bonnán buí ina luí ar chúl a chinn.

    ReplyDelete
  9. Is fíor dhuit ormondo.

    Ar eagla é bheith as alt, cuir alt leis: vor dem Voegeln vs. vor den Voegeln!

    ReplyDelete
  10. Ní maith liom do thrioblóid, a Ormondo! Tá Sióg ag breathnú ar scannán na Birds go laethúil - ní bhogann sé ón bhfuinneog go mbíonn an t-arán uilig ite ag na héin!

    Maith thú, a John! Rinne mé dearmad ar an uisce. Bíonn pota uisce amuigh againn do na madraí, ach seans nach rachadh na héin in aice leis sin...:-)

    ReplyDelete
  11. Níl Mise sásta dul amach mar sin is féidir linn na héin a chothú.

    Mar nod duit ar do chuntas twitter ba chóir duit #Gaeilge a chur le do tweetanna agus ansin tiocfaidh le daoine ag cuardaigh Gaeilge ar tweeter teacht ar do chuntas níos fusa.

    ReplyDelete
  12. @ '#Gaeilge a chur le do tweetanna'

    GRMMA, a Néidí! Déanfaidh mé é sin, anois láithreach - bhuel, as seo amach...:-)

    An gcuirtear an #Gaeilge sin ag tús na teachtaireachta, nó ag an deireadh?

    Mar atá le feiceáil , táim fós ag foghlaim faoi Facebook (a bhuí le John cliste) agus faoi Twitter, a bhuí le heolaí eile, fear le tuiscint nach beag aige ar na meáin shóisialta.

    Is mar gheall ar a dtreoirsean a d'éirigh liom an dá nasc sin, ar dheis, a chur ar mo bhlag. Agus, ar ndóigh, rinne mé neart cuardaigh ar Google...;-)

    ReplyDelete
  13. Is cuma cá háit. De ghnáth cuirtear é ag an deireadh mura bhfuil sé mar chuid den abairt.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.