Monday, November 29, 2010

Pluckáil Leat!

‘The Pluck of the Irish’ a thug Ajai Chopra, ceannaire mhisean an IMF in Éirinn, ar an ní sin atá againn, nó ionainn. Cibé an ‘againn’ nó ‘ionainn’ atá an ‘pluck’ sin, is léir go gceapann Ajai go bhfuil a leithéid de rud ag muintir na hÉireann agus an ‘pluck’ sin.

courage or resolution in the face of difficulties’ atá ag dictionary.com don fhocal sin ‘pluck’. ‘Tá to summon up one's courage; rouse one's spiritsann do ‘pluck up’, cé go bhfuil, go sábhála Cé sinn, ‘to eradicate; uproot’ acu mar mhíniú ar ‘pluck up’, freisin!

Sponc na nGael’ a rith leis an Dómhnallach, nuair a labhair mé léi ar maidin. Tháinig mé ar na focail ‘anam’, ‘faghairt’, ‘griongal’ ‘miotal’, ‘spiorad’, ‘ugach’ i WinGléacht, focail a d’fheilfeadh, is dócha, don ní sin ar ‘pluck’ é.

Dar le De Blaldraithe, leathanach 535, bheadh duine ‘misniuil’, ‘cróga’, ‘calma’, dá mbeadh duine ‘plucky; ‘is miotalach an buachaill é’ an buachaill ‘plucky’, agus, mura mbeadh sé 'plucky', abair, agus é ag iarraidh ‘to pluck up one’s courage’, bheadh air a ‘mhisneach a ghlacadh.

Tá an focal sin ‘pluck’ le fáil anseo, leathanach 343, ‘A etymological dictionary of the Scottish language…’, faoin fhocal ‘DRAUCHT’, agus is fiú súil a chaitheamh ar ‘To DRAUCHT, v.a.’ ann,

To make a proper selection in a flock by choosing out and selling off the bad…’ Hmmm...

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí, agus ó tharla gur tháinig mé ar an bhfocal ‘plucálaí’ sa leabhar ‘Cén Sórt É’, leathanach 85, bíodh a fhios agaibh gurb éard atá ina leithéid ná ‘caimiléir’, an ‘duine a choinneodh rud ba leat féin uait.’

Hmmm...
.

10 comments:

  1. Shíl mé go raibh an fear céanna mós béasach.

    Agus é tagtha chun muid a thaoscadh de bharr amaidí ár lucht gaimbín féin. Sin nó chun casadh eile a thabhairt do roth mhór na maoine.

    Beidh miotal de dhíth orainn.

    ReplyDelete
  2. @ 'Shíl mé go raibh an fear céanna mós béasach.'

    Shíl mé féin amhlaidh, a Aonghuis, agus mé ag éisteacht leis an bpíosa sin uaidh.

    ReplyDelete
  3. Shíl mé riamh go raibh “pluck” an-chosúil le “guts” (“he has the guts it takes”). Is ionann “pluck” agus an croí, na scamhóga agus an t-ae a bhaintear as ainmhí tar éis a mharaithe.

    ReplyDelete
  4. @ ' Is ionann “pluck” agus an croí, na scamhóga agus an t-ae a bhaintear as ainmhí tar éis a mharaithe.'

    D'fhoghlaim mé é sin agus mé ag léamh faoin fhocal sin 'DRAUCHT' ar an suíomh thuasluaite agam, a Dennis. Ugh!

    Na hainmhithe bochta...

    ReplyDelete
  5. Ní féidir haggis a dhéanamh gan phluck. Na hAlbanaigh bhochta a itheann é!

    ReplyDelete
  6. Taitníonn "sponc" liom!

    Ehmmmm, sin ráite...

    ReplyDelete
  7. Tá an splanc curtha sa sponc agat anois a John.

    (Bíonn na nathanna seo fréamhaithe sa cholainn agus na hairí a bhaineann leis; suí na hairí sin mar a shamhlaítí iad, is dócha cionn is go mbraitear tionchar na mothúcháin i gcorraí na baill beatha sin)

    ReplyDelete
  8. 'spunk definition
    [spəŋk]
    1.n.
    courage. : Show some spunk. Get in there and stand up for your rights.'


    Ach, an bhfuil muid ag 'standing up for our rights'?

    Táim amhrasach faoin réiteach nua seo ón IMF agus ón AE.

    Glacaim leis go gcaithfear rud éigin a dhéanamh, ach an é seo an rud is fearr dúinn, agus don ghlúin atá le teacht?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.