Thursday, October 21, 2010

Ireland's Greatest

Níl ach lá amháin fágtha, a léitheoirí, sula mbeidh a fhios againn cé hé nó cé hí ‘Ireland’s Greatest.’

Mura bhfuil gach clár feicthe agat fós, téigh isteach ar shuíomh RTÉ anseo, feicfidh tú an RTÉ Player ag bun an leathanaigh, ar dheis, agus is féidir do rogha clár a fheiceáil, ach brú ar an ainm cuí.

Más mian leat vóta a chaitheamh do dhuine den chúigear seo, caithfear é a dhéanamh am éigin roimh an Late Late Show ar an Aoine beag seo – sin inniu, más ar an Aoine atá an mhír seo á léamh agat.

Tá gach eolas ar an modh vótála le fáil anseo. Tá mo vóta caite agam.
.

5 comments:

  1. Thug mé mo vóta do Shéamus Ó Conghaile.
    Laoch an lucht oibre!!

    ReplyDelete
  2. Roghnaigh mise Miriam. ;-)

    Ach i ndáiríre, táim sásta leis an toradh mar is rogha an-mhaith é John Hume. Go háirithe, is cuimhin liom an t-am ar thosnaigh sé ar na cainteanna le Gearóid Mac Ádhaimh agus an misneach a léirigh sé leis an mbeart sin.

    ReplyDelete
  3. Ní raibh sa rud go léir ach píosa spraoi, nó an é nach bhfuil an ceart agam?

    ReplyDelete
  4. @ 'The option was always there for RTÉ to bring together experts from the arts, humanities and sciences and prepare a list of candidates which reflected the diversity and richness of this country’s history.'

    Seans, a Aonghuis, go mbeadh fadhbanna ag daoine le 'list of candidates' ó 'experts' chomh maith céanna!

    Cinnte, ní raibh sé foirfe mar chóras, ach bhí deis ag chuile dhuine vóta a chaitheamh, rud nach mbeadh, dá mbeadh 'experts' i gceannas, abair.

    Más cláir ' educated and informed' a mholann Patrick Geoghagan, seans gur feidir a leithéid a dhéanamh, ach ní dóigh liom gurb é sin aidhm RTÉ sa chás seo, cé gur fhoghlaim mé féin neart faoin gcúigear ó na cláir éagsúla. Meallann cláir mar seo, le vótáil iontu, lucht éisteachta.

    Is maith liom gur bhain John Hume an duais seo. I bhfocal Mhiriam ar an Late Late, deis a bhí ann dúinn uilig 'thank you' a rá leis.

    Rinne na vótálaithe amhlaidh.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.