Thursday, October 21, 2010

Giota Craic?

Ó am go chéile, cloisim/léim/feicim stuif a chuireann iontas orm.

Ní hé go mbíonn ionadh orm go ndéantar an stuif sin, mar is beag rud a chuireann iontas orm na laethanta seo, ach bíonn deacracht agam meon an té a dhéanann cuid de na rudaí a dhéantar a thuiscint.

Luaigh Néidí scéal sin an valbaí cheana, mar shampla, agus chonaiceamar céard a rinne an bhean seo leis an gcat, agus cén chaoi ar chaith na daoine seo leis an bhfia. Is léir gur bhain na daoine sin sásamh de shaghas éigin as an rud a rinne siad. Ní thuigim a meon. Sin mise.

Inné, chuala mé Ryan Tubridy ag léamh, ar a chlár, píosa as páipéar nuachtáin, mír a bhain le ‘ugly' daoine ón tír seo, daoine cáiliúla, is dóigh liom. Ní raibh mé in ann theacht ar an mír ar an idirlíon, ach dar le Ryan, bhí an píosa sa ‘Sun’, más buan mo chuimhne.

Sórt baraiméadair a bhí cumtha/faighte ag an iriseoir, agus bhí aghaidheanna daoine ar leith ón tír seo curtha ar an mbaraiméadar, marcanna faighte acu, ag brath ar 'ugly or not' iad, mar a déarfá.

Bhí Rosanna Davidson agus Gráinne Seoige, mar shampla, ag leibhéal amháin den bharaiméadar, agus daoine fearacht Ryan é féin, agus Brian Cowen ag leibhéal eile, leibhéal a bhí ar an taobh eile den scála, an dtuigeann sibh. Samhlaígí féin cá raibh siad, a léitheoirí, ach ní dóigh liom go dtaitneodh na torthaí le, abair, le páistí na bhfear sin.

An smaoineamh a rith liom féin maidin inné, an bhfuil daoine chomh neamh-mhothálach sin sa lá atá inniu ann, nach dtuigeann siad gur féidir leo daoine, agus ainmhithe, a ghoineadh lena ngníomhaíocht mhístaidéarach mhístuama? Nó, an é gur cuma leo?
.

4 comments:

  1. Bhuel, más á fhírinne féin fírinne gach duine, cén slat tomhais atá ann?

    ReplyDelete
  2. Is dócha gurb é sin é, a Aonghuis. Ní hionann 'slat tomhais' chuile dhuine, rud a fhágann go bhfuil daoine ann a bhaineann sult as an ní nach mbainfeadh duine eile sult as. Agus sin an fhírinne!

    Is dócha go gcaithfear brath ar dhlíthe na tíre, cuid nach bhfuil ann ar mhaithe le hainmhithe, feictear dom, más rud gur féidir valbaí a bheith ag duine mar pheata, gan ceadúnas de shaghas éigin, ar a laghad.

    Maidir le saoirse cainte de shaghas ar bith, aontaím leis, mar is eol duit, agus is mar gheall ar an tsaoirse sin atáim in ann mo smaointe féin a roinnt ar aon ábhar, agus ceist nó dhó a chur, le mo dhicheall a dhéanamh theacht ar thuiscint 'fírinne' dhaoine eile...:-)

    ReplyDelete
  3. Is dócha go gcaithfear brath ar dhlíthe na tíre

    Agus sin an áit a éiríonn rudaí casta. Táim ar gor ar mhír maidir leis seo, pé scéal é. Anocht, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  4. Gor leat, a chara, agus léifear í anocht, más ann di...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.