Thursday, October 7, 2010

Anita

Má tá cúig nóiméad le spáráil agat, a léitheoir, go háirithe más rud go gceapann tú go bhfuil fadhbanna ollmhóra agat féin inniu, b’fhiú duit dul chuig suíomh Joe Duffy ar RTÉ anseo.

Téigh go dtí ‘Listen to the latest Liveline Podcasts’, agus ansin téigh chuig an gceann ‘Liveline Podcast - describing life with Cystic Fibrosis’, áit ina gcloisfidh tú an ríomhphost a scríobh Anita chuig Joe, ríomhphost ina bhfuil sí ag ‘describing her life as a 23 year old struggling with CF’.

Níl ann ach cúig nóiméad, a léitheoir. Éist leis go gcloise tú an chaoi a gcaitheann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine le fiobróis chisteach sa tír seo, agus éist, go háirithe, le céard a tharla nuair a bhásaigh an bhean a bhí sa leaba taobh le leaba Anita san ospidéal.

Baineadh an anáil díom féin nuair a chuala mé a scéal.
.

4 comments:

  1. 21: Gnáth ionchas saoil?! GRMA as ucht m'aird a tharraingt ar an gcailín cróga seo.

    ReplyDelete
  2. Bhí mé ag éisteacht léi ar an ráidio cúpla lá ó shin. Bhí sí ag casacht go han-dona agus an cailín óg eile, 14 a bhí inti. Bhí eagla an domhain uirthi faoi ag dul go hospidéal Naomh Vincent nuair a chasfaidh sí 16.
    Tarraing an méara amach Harney, Tabhair dóibh na aiseanna a theastaíonn uathu!!

    ReplyDelete
  3. Tá fáilte romhaibh, a fheara.

    Mar a scríobh tú, a John, 'cailín cróga' atá inti, gan dabht.

    @ 'Tabhair dóibh na aiseanna a theastaíonn uathu!!'

    Sin é go díreach, a chara.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.