Monday, June 28, 2010

Scoilt Uirbeach/Tuaithe?

Thar na blianta, agus ó am go chéile, cloisim clamhsán faoin rud atá in ainm is a bheith frith-thuaithe, agus nílim iomlán cinnte nach seangheanmchnó a leithéid sa lá atá inniu ann. Cheapfá.

Chualamar na focail ‘urban/rural’ in úsáid faoin scoilt sin i bhFine Gael. Seans gur chuidigh bladhradh ‘Up Mayo’ Joe Mellett le bladhm a chur le tine na hargóinte sin. Mar sin féin, táthar ann a chreideann go bhfuil an scoilt ann, taobh istigh agus taobh amuigh de na páirtithe éagsúla.

Tá an Bille Um Fhiadhúlra (Leasú) 2010 go mór sa nuacht i láthair na huaire. Tá díospóireacht sa Dáil ar an ábhar le léamh anseo, agus is fiú é a léamh, le meon na bpáirtithe éagsúla ar an mbille a thuiscint. Ceapaim.

An rud a rith liom féin, agus mé á léamh, go bhfuil fianaise ann a thacódh leis an smaoineamh go bhfuil scoilt uirbeach/tuaithe ann, shílfeá:

Shane McEntee (Fine Gael) ‘It is an attack on people in County Meath’

John Gormley (Comhaontas Glas): ‘I have stated on a number of occasions that the passage of this legislation will not have an impact on other country practices such as fox-hunting, hare-hunting, hare coursing and deer stalking.’

Phil Hogan (Fine Gael): ‘Fine Gael believes the hunt plays an important cultural and economic role in rural Ireland, something I would not expect the Green Party to appreciate or understand…Six Members out of a total of 166 have decided that 154 years of countryside tradition in terms of the Ward Union Hunt should be put aside.’

Joanna Tuffy (Lucht Oibre): ‘The Minister has done what no one else has managed by creating a divide between rural and urban communities. People in rural communities feel under threat from this legislation and are concerned it is the thin end of the wedge.’

John Gormley
arís: ‘It appears that for the Labour Party Members, no principle is too cherished to be abandoned if they believe there are votes in it for them.’

Is dóigh liom féin, bíodh mé ceart nó mícheart, gur sa ráiteas deireanach sin ó John Gormley atá an fhírinne, d’fhormhór. Nuair a bhíonn polaiteoirí ag achrann is ag bruíon, is cuma cén páirtí ar leis iad, is cuma cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil acu, is iad na vótaí a bhíonn dá stiúradh.

Idir an dá linn, tá ainmhithe, agus daoine, ag fulaingt.
.

3 comments:

  1. Níl ann ach bolscaireacht don chuid is mó an scoilt seo i dtaobh "spóirt na tuaithe". Ní ghlacann ach mionlach beag aon pháirt i gcúrsaí seilge. Ach bíonn leisce ar mhuintir na tuaithe labhairt amach go poiblí maidir le gnó na gcomharsan.

    ReplyDelete
  2. Aontaím leat, a Mhíshásta.

    Níl ann ach mionlach beag, ach is léir go bhfuil cumhacht de shaghas éigin acu, agus go bhfuil tionchar na cumhachta sin ag dul i bhfeidhm ag na polaiteoirí.

    Táim ag éisteacht le clár Joe Duffy i láthair na huaire, agus tá an dá thaobh le cloisteáil ón bpobal atá ag labhairt.

    Go sábhála sinn, ach tá an focal sin 'traidisiún' freagrach as go leor d'fhadhbanna na tíre seo i láthair na huaire, feictear dom...

    ReplyDelete
  3. Ceart agat agus ceart ag Gormley, ba chóir go mbeadh náire ar Pháirtí an Lucht Oibre as an seasamh amaideach seo.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.