Wednesday, June 23, 2010

Muirtheiripe

Tá comhlacht Kevin Costner, Ocean Therapy Solutions, ag obair ar fhorbairt teicneolaíochta le cúig bliana déag anuas, é mar aidhm ag an gcomhlacht theacht ar inneall a bheadh in ann ola agus uisce a scaradh óna chéile, rud, a deirtear, atá an V20 in ann a dhéanamh.

Tá dhá cheann déag is fiche de na hinnill seo díolta ag comhlacht Chostner le BP anois, agus tá súil agam go n-éireoidh leo, agus go dtiocfaidh siad ar réiteach na faidhbe uafásaí seo.

Más fíor an méid a dúirt Costner, go raibh sé ‘trying to employ the technology designed by his company for the past 17 years, but said he had been blocked by red tape.’, nach mór an feall ar an gcomhshaol an rómhaorlathas.

Cibé an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire sa chás seo, tá damáiste nach beag déanta acu, faraor.
.

10 comments:

  1. A Áine dhil: De réir mar a thuigimse an fearas atá ag Costner, níl mórán difear idir é agus an gléas a úsáidtear chun uachtar a scaradh ó bhainne. Seans go bhfuil dul amú orm agus má tá, bheinn buíoch d’éinne a dhíreodh ar an bhfírinne mé.

    ReplyDelete
  2. An gceapann tú go n-éireoidh leis ola agus uisce a scaradh óna chéile?

    ReplyDelete
  3. Is féidir leis uisce a scaradh ó ola ach an mbeadh a dhóthain acu ar domhan chun puinn difríochta a dhéanamh timpeall farraige fhairsing amhail an Mhurascaill agus isteach san Atlantach níos déanaí.

    ReplyDelete
  4. Beag baol go mbeadh.

    ReplyDelete
  5. Dóchas, a fheara! Bíonn súil le muir...

    ReplyDelete
  6. Ní foláir a bheith cúramach nuair a bhíonn lártheifneoirí i gceist...

    ReplyDelete
  7. ...ró-éasca casadh a chur sa scéal!

    ;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.