Thursday, May 20, 2010

Gaeltacht Faoi Bhláth

Ar fhaitíos go bhfuil aon duine amuigh ansin a cheapann nach bhfuil Gaeltacht Bhaile Átha Cliath faoi bhláth, ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go bhfuilim den bharúil go bhfuil sí, go deimhin, ag bláthú.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le buachaillí bunscoile ag an deireadh seachtaine, iad ag spraoi taobh amuigh den ghaelscoil lena mbaineann siad. Bhí mise ag breathnú orthu ag spraoi. Bhí siad ag spochadh as a chéile, rud a dhéanann buachaillí go minic, mar is eol daoibh, a léitheoirí.

Thairg leaid amháin a uachtar reoite do leaid eile, a bhí ina sheasamh lena thaobh. Ba léir go raibh dúil ag an dara leaid san uachtar reoite, ach níor ghlac sé leis ar an bpointe, é rud beag amhrasach, shílfeá, faoi fhrídíní an leaid eile, b’fhéidir.

Cibé scéal é, thuig an táirgeoir go raibh fadhb éigin ann, feictear dom, mar shín sé an t-uachtar reoite chuig a chara arís, agus dúirt, i nGaeilge bhreá líofa Ghaeltacht Bhaile Átha Cliath,

‘Tóg é…!’ ar seisean, go dúthrachtach. ‘…níor lickáil mé é!’
.

4 comments:

  1. Tá cead agat áil a chuir nó díreach síne fada le focal Béarla nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar eolas agat ach ní hamháin i mBÁC a déanta é. Dúir mo chol cheathair liomsa "tá sé i mo bpencil cás agam" an uair dheireanach a bhí mé siar:-)

    ReplyDelete
  2. Chuala mise bean as Gaoth Dobhair uair ag rá:
    "Bhí sé ag playáil chess!"

    Bíonn sé ag happenáil in achan chearn den Ghaeltacht! :-)

    ReplyDelete
  3. Cuireann sé sin focal eile ar shúile m'aigne - an focal 'smúdáil', focal a chuala mé ó mo chara Ultach, Bean an tSléibhe, agus shíl mé féin gur focal cumtha 'smootháil' a bhí á rá aici, mar nach raibh cloiste agam féin ach 'iarnáil' roimhe sin!

    Ar ndóigh, tá hooveráil ann...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.