Saturday, May 15, 2010

Fíor nó Bréagach

Ó am go chéile, faighim ríomhphoist le rabhadh de shaghas éigin iontu, rud éigin fearacht ‘Warning! Major Virus on the Way’, mar shampla.

B’fhéidir go bhfaighidh mé ríomhphost ag impí orm paidreacha a rá do pháiste éigin atá i mbaol a bháis.

B’fhéidir go bhfaigheadh mé ríomhphost ag iarraidh orm teachtaireacht a chur ar aghaidh chuig chuile dhuine ar m’aithne, mar go bhfuil contúirt éigin thart, mar dhea, ‘cancer causing agents’ le fáil anseoansiúd, mar shampla.

Ó tharla nach gcreidim gach a léim, agus ó tharla nach maith liom teachtaireacht a roinnt gan a bheith cinnte an bhfuil sé fíor nó bréagach, tá sé de nós agam dul chuig http://www.snopes.com/, scéal an ríomhphoist a dhearbhú ansin ar dtús, sula gcreidim a dhath.

Más rud go bhfuil tú in amhras faoi ríomhphost, mar atá luaite thuas agam, a léitheoir, agus más mian leat an fhírinne a aimsiú, is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh sin, ceapaim.

Maidir leis na ‘chain emails’ sin, nó na ríomhphoist ‘send this to 6 people and…’, ní maith liom iad, agus ní roinnim iad, cé go bhfaighim iad go rialta.

Cén fáth, meas tú, a roinneann daoine, de dheoin nó d’ainneoin, ríomhphoist fearacht na cinn atá luaite agam sa bhlagmhír seo? An é go gcreideann siad gach a léann siad, nó an é nach bhfuil ann ach béas anois?
.

5 comments:

  1. Is deacair a rá, b'fhéidir go bhfuil siad saonta nó rud mar sin. Níl sna ríomhphoist chéanna de ghnáthach turscair, measaim,agus scriosaim iad gan a thuilleadh moille.

    Ní osclaím ach na cinn a thagann ó fhoinsí a bhfuil réamhaithne agam orthu agus a bhfuilim ag súil le rud éigin uathu.

    ReplyDelete
  2. Is annamh a bhfaighim tchtaí mar sin. Séard a chuireann as domsa ná na glaonna gutháin ó na heagraíochtaí a bhfuil airgead uathu. Tá caller ID againn agus is nós liom gan an fón a fhreagairt mura bhfuil aithne pearsanta ar an duine ar an gceann eile. Tig leo teachtaireacht a fhágáil. Ach ní raibh mo spéaclaí orm arú aréir. Thóg mé an glacadóir. Phone solicitor (ní dlíodóir nó aturnae atá i gceist againn leis an bhfocal sin abhus anseo) ag iarraidh airgead a bhailiú ar son good cause eile (dar leis). Níor thaitin a bhéasa liom ná a chúis. “Stick it up your butt,” a dúirt mé, ag crochadh an ghlacadóra.

    ReplyDelete
  3. Níos mó ná béas atá; gnás atá ann: bíonn drogall ar dhaoine diúltú don chumasc idir tarraingt deora agus bagairt a bhíonn ina leithéidí.

    (Déanaimse neamhaird orthu, áfach)

    ReplyDelete
  4. An fhadbh atá agam, a Ormondo, ná go bhfuil réamhaithne agam féin ar na daoine a chuireann chugam iad!

    Bheadh deacracht agam, a Dennis, 'Stick it up your butt' a rá le haon duine, ach tuigim do chás, mar sin féin! Chuala mé daoine eile a rá go mbaineann siad úsáid as feadóg nuair a ghlaonn na 'phone solicitors' sin, ach is daoine iad atá dubh dóite ag a leithéid de ghlaonna, ceapaim.

    Déanaimse neamhaird orthu, a Aonghuis, ach cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a chreideann an bhagairt sna ríomhphoist sin, nó a chreideann go bhfuil an t-ábhar iontu fíor, gan an scéal a fhiosrú fiú!

    ReplyDelete
  5. Ní bhíonn siad fíor riamh, i mo thuairim. Ach má tá amhras orm, déanamh cuardach ar an bpríomhshonra/líne agus 'hoax' le chéile, agus de ghnáth, faighim é. Seolaim sin do na daoine a sheol is a fuair. Ach ar chúis éigin, ní bhfaigim a lán díobh níos mó... :-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.