Thursday, April 8, 2010

Nathanna Cainte

Tá lán an tí de chuairteoirí i gCeann Scríbe i láthair na huaire, agus beidh go ceann seachtaine, rud a fhágann nach bhfuil an teacht chéanna agam ar an mblagáil mar is iondúil liom, agus mar ba mhaith liom.

Is cuma. Tá fáil agam ar an nGaeilge, mar sin féin. Tá Gaeilgeoirí óga sa teach, agus tá ballaí an tí ag éisteacht le Gaeilge ó Ghalltacht Bhaile Átha Cliath, áit ina bhfuil Gaeltachtaí go leor, gan teorainneacha, shílfeá, le líon na scoileanna lán-Ghaeilge ann ag méadú de shíor. Is ar cheann de na scoileanna sin a d’fhoghlaim mo chuairteoirí óga an Ghaeilge atá á labhairt acu go fial.

Ar ndóigh, níl an teanga go foirfe acu, ach is cuma, mar is léir dom ó bheith ag éisteacht leo, agus ó mo thaithí thar na blianta, nach bhfuil an teanga go foirfe agamsa ach oiread; go bhfuil an teanga ag athrú, agus ag fás leis an nglúin óg, agus go bhfuil go leor le foghlaim agam uatha, agus ón nglúin a tháinig romham, chomh maith céanna.

Ó tháinig na buachaillí, tá focail nua á bhfoghlaim agam, focail nach mbeadh in úsáid agam go hiondúil. Mar shampla, bhí orm theacht ar fhocail le haghaidh ‘sticky fingers’ an tseachtain seo: ‘méara bealaithe’ atá ag WinGléacht; ‘tá tú foirgthe leis sin’ a tháinig go nádúrtha ón gcainteoir dúchais, as Conamara, air ar chuir mé an cheist ‘Cén Gaeilge atá agat ar ‘sticky fingers’?’.

Is í mo thuiscint, anois, gur féidir an ‘tá tú foirgthe leis sin’ a úsáid dá mbeadh fiú éadaí an pháiste salach, nó a aghaidh/cosa/bróga salach, bíodh salachar de shaghas ar bith i gceist. Mar sin féin, go hiondúil, bheadh duine/rud ‘foirgthe’ ó bhun go barr, mar a déarfá, agus ní ar na méara amháin. Mar shampla, d’fhéadfadh garraí bheith ‘foirgthe le salachar’ (weeds), agus d’fhéadfadh duine le gruaig rua, abair, bheith ‘foirgthe le bricíní’ (freckles).

Seans go bhfuil leaganacha eile ann do ‘sticky fingers’, agus má tá, roinn liom iad, a léitheoir, le do thoil, nó fiú cum do cheann féin, más mian leat. Beimid ag foghlaim le chéile, agus ‘ag cumadh foclaí’, mar a dhéanann, ahem, mo dhuine ón oileán!

Ach, ar ais linn go Ceann Scríbe anois. Níl á labhairt idir mé féin agus an bheirt pháiste ach Gaeilge, cé go dtiontaíonn siad, gan stró, ar an mBéarla chomh luath agus a labhraíonn siad leis an nGarraíodóir. Tá an Garraíodóir ag déanamh sáriarracht Gaeilge a labhairt leo ina bhealach, ahem, amscaí féin. Is bealach é a bhaineann scairteanna gáire as na buachaillí óga, mar is le greann a dhéanann an Garraíodóir a iarrachtaí leo.

Bíonn sé ag cumadh amhrán leis na buachaillí óga, leath an amhráin i mBéarla, an leath eile i nGaeilge, gan ciall dá laghad leis na hamhráin, ar bhealach, ach ciall leo in aigne na bpáistí, páistí ar mór acu craic agus spraoi, mar aon le haon pháiste eile. Mar sin féin, tá foghlaim de shaghas ag dul ar aghaidh i gcumadh na n-amhrán, agus táim den bharúil gurb é an Garraíodóir atá ag foghlaim ó na páistí, muise!

Agus, sin an dóigh is fearr liom, a léitheoir. Ná bí buartha faoin ngramadach, ná faoi sheanfhocail, ná faoi na daoine eolacha Gaelacha cainteacha dúchasacha, ach oscail do bhéal agus labhair amach an Ghaeilge, nó fiú cuir méar ar mhéarchlár agus scríobh leat! Ach, go mór mór, bain craic agus spraoi as an teanga, is cuma cá mbíonn tú, nó cé atá leat.

Mar a scríobh Michelle Ní Riain in Foinse na seachtaine seo, ina halt ‘An Ghaeilge agus Tayto…i lár Pháras?’ agus í ag trácht ar an tionscnamh Is Leor Beirt’ ó Chonradh na Gaeilge,

‘Gaeltacht is ea áit ina n-úsáidtear Gaeilge.’

Tá ár nGaeltacht bheag féin againn an tseachtain seo i gCeann Scríbe, a bhuí le páistí ón nGalltacht. Is leor sin domsa. Go deimhin, Is Leor Beirt, nó triúr, nó…
.

4 comments:

  1. Is maith liom “méara bealaithe”, cé go dtuigfinn go bhfuil siad “greasy” seachas “greamaitheach” -- toisc go bhfuil focail éagsúla agam i mBéarla, is dócha.

    Tá dhá chiall le “sticky fingers” agam:

    1) méara sméartha

    2) = light fingers, .i. méara an ghadaí

    ReplyDelete
  2. Tá an dá chiall sin agamsa, freisin, a Dennis.

    Is maith liom 'méara sméartha' - leagan é sin a fheileann go han-mhaith sa teach seo i láthair na huaire...:-)

    ReplyDelete
  3. Cén aois iad, na cuairteoirí óga seo?

    ReplyDelete
  4. Ocht mbliana d'aois agus aon bhliain déag d'aois, le trí mhadra agus cat craiceáilte!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.