Thursday, April 22, 2010

Lá an Domhain

An rud a thaitníonn go mór liom faoin mblagáil seo, tugann sé deis dom postáil ó bhlagálaithe eile a léamh, agus coinníonn siadsan mise ar an eolas faoi na nithe sin nach mbeinn, b’fhéidir, ar an eolas fúthu murach iad, an dtuigeann sibh.

Tharraing Dennis agus Dubhaltach m’aird ar chúpla rud inniu, Lá An Domhain, agus de thoradh sin, tháinig mé ar an bhfíseán seo thíos ó Stewart Brand, físeán a fuair mé ar an suíomh seo.

Más suim leat tuairim an fhir seo a chloisteáil, agus mholfainn a leithéid, is fiú éisteacht leis an méid atá le rá aige ar an bhfíseán, go háirithe más rud go bhfuil tú ar chor ar bith amhrasach faoi imoibreoirí núicléacha, nó in amhras an bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, na GMO’anna sin, sábháilte nó cuidiúil, mar shampla.

Cá bhfios dom, ach b’fhéidir gur Turq atá ionam, agus nach raibh a fhios agam é go dtí inniu! Bhuel, déanaim iarracht breathnú ar rudaí le hintinn oscailte, cibé scéal é. Go mba hé daoibh, a léitheoirí. Más mian libh.




.

3 comments:

  1. Sula ndéanann tú do chinneadh faoi chumhacht núicléach molaim duit an físeán seo thíos ó Greenpeace a bhreathnú:

    http://www.youtube.com/watch?v=xfzVQwW_8Jk&feature=player_embedded#!

    Is sop in áit na scuaibe é.

    ReplyDelete
  2. Déanfaidh mé é sin cinnte. Mise agus m'intinn oscailte ar ár mbealach go YouTube anois...;-)

    ReplyDelete
  3. Tá cumhacht núicléach ar fáil sa tír seo cheanna féin, tá nascóir leictreach againn leis an mBreatain agus nach bhfuil sé acu?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.