Thursday, April 15, 2010

Ellen Go Brách!

Agus Crystal Swing faoi chaibidil agam anseo le déanaí, shíl Dubhaltach, i dtrácht ar mo bhlag, nach raibh 'spéis ag DeGeneres iontu ach mar cheap magaidh.'

Luaigh mé féin an t-athfhriotal 'there's no such thing as bad publicity', agus feictear dom anois go bhfuil seans ann gurb é ár dtírín beag féin a bhainfeas leas as an gceap magaidh an gcomhrá a bhí acu le hEllen.

Le chéile anois - ♪♫ We won't drink Tequilas, but we'll drink Guinness in Ireland...♪♫♫
.

8 comments:

  1. Caithfidh mé admháil go bhfuil siad níos fearr le cúpla caipirinha ar bord agam (oth liom gurb é cachaça atá sa deoch sin, ní tequila).
    ;-)

    Séard a chuireann an “hit amhrán” acu i gcuimhne dom ná oíche a chaith mé i dteach tábhairne i Luimneach fiche bliain ó shin nuair a chuala mé banna ceoil áitiúil ag déanamh “Is This The Way to Amarillo?” gan nóta ná guta as alt.

    ReplyDelete
  2. ... gur cachaça ... agus an milleán ar an deoch, ar ndóigh!

    ReplyDelete
  3. Féar plé dóibh.
    B'aisteach an chaoi a rabhadar ag moladh na tíre. Bhí sé cosúil le script a d'ullmhaigh Fáilte Éireann!

    "oíche a chaith mé i dteach tábhairne i Luimneach fiche bliain ó shin nuair a chuala mé banna ceoil áitiúil ag déanamh “Is This The Way to Amarillo?”

    Yikes!
    An bealach ar fad ó Seattle agus sin an sórt cultúr a fhaigheann tú! Déarfainn go raibh díomá ort?

    ReplyDelete
  4. @ Dubhaltach - Níos mó ná fiche bliain ó shin a tharla sé seo, actually. Bhí mé níos óige ná tusa ag an am sin agus chuir sé ionadh orm, cinnte. Ach ba thír eile Éire sna seachtóidí agus in ainneoin Amarillo i Luimneach ba léir dom chuile áit go raibh mé i dtír sách exotic!

    ReplyDelete
  5. B'fhéidir go bhfuil an tír ina phraiseach ag na forbróirí/baincéirí/polaiteoirí, nó cibé dream eile is mian leat, ach is fearr i bhfad an tír í seo anois ná mar a bhíodh sí fíche bliain ó shin, i mo thuairim féin.

    Agus, go sábhála sinn, is cuimhin liom go maith 'Is this the way to Amarillo', mise ag damhsa thart, gan strus ná stró orm...

    ReplyDelete
  6. Táid fós ag seinm an amhráin sin, nach raibh ITTWTA ag uimhir a 1 le linn 2005

    ReplyDelete
  7. Go feiniméanach! An as Midleton, Tennessee iad?

    ReplyDelete
  8. Bhí, a Dhubhaltaigh, chomh fada agus is eol dom.

    Ní dóigh liom é, a Ormondo...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.