Wednesday, April 21, 2010

Dearmad

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí dearmad glan déanta agam orthu, ach tá a leithéid d’áit ann agus an tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí.

Sea, tá siad ann. ‘Should there be a major national emergency, the 'National Emergency Co-ordinating Centre' will depend on hundreds of small but vital cogs throughout the nation’, le muid a choinneáil ar an eolas agus up-to-date, is dócha. Beimid in ann brath orthu siúd le haire mhaith a thabhairt dúinn, agus stuif mar iodine tablets a dháileadh orainn, seans.

Ní gá dúinn imní ar bith a bheith orainn, a léitheoirí, beidh siadsan ansin ar a gcapaill bhána, ár dtabhairt slán ón anachain, má tharlaíonn ‘A terrorist strike, Sellafield, a flu pandemic…’ ná a dhath mar sin.

Bhuel, beidh formhór na ndaoine sa tír slán sábháilte faoina gcúram, más fíor. Tá tú i bponc más rud go bhfuil tú i do chónaí i nDún na nGall, a léitheoir, mar is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta acu orainn. Ní haon ionadh go ndearna mé féin dearmad orthu. Tá mé i mo chónaí sa Forgotten County.
.

2 comments:

  1. Táim lán-chinnte go bhfuil plean forbartha fiche bliain ann daoibh...

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir é, a Shéamais, ach an mbeidh siad in ann muid a aimsiú...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.