Friday, April 9, 2010

BLAG

Sea, a léitheoirí, caithfidh mé é a admháil - táim anois i mo bhall den chumann Blagálaithe Le hAinmneacha Géarchúiseacha (BLAG).

Ní raibh mé ag dul á admháil, ach tá mé ainmnithe ag Gaelscéal anois, mar sin ní feidir liom fanacht sa chlóiséid a thuilleadh. Fanaigí nóiméad, le bhur dtoil, agus seasfaidh mé suas…i mo sheasamh anois, a léitheoirí…fanaigí leis…soicind amháin eile...seo chugaibh é…is Mise Áine, agus is blagálaí mé! Ceapaim.

Sin agaibh é anois, a léitheoirí. Creid é nó ná creid, ach thosaigh mé ag blagáil ar an suíomh anseo cothrom an lae seo, bliain ó shin. Cá ndeachaigh an t-am!

Ó thosaigh mé, ahem, ag rámhaille liom, tá sé mhíle dhéag cuairt tugtha agaibh ar na postálacha uaim anseo. Ní hé sin le rá gur tháinig sé mhíle dhéag duine ar cuairt chuig mo bhlag, an dtuigeann sibh, ach sin an méid leathanach a léadh, agus daoine éagsúla ar cuairt anseo; iad ag rútáil thart, mar a déarfá, ar thóir rud éigin, b'fhéidir.

Cibé acu ar tháinig siad ar an 'rud éigin' sin, nó nár tháinig, tá súil agam gur bhain na léitheoirí uile sult as an méid a léigh siad nó, ar a laghad, nár ghoin aon fhocal uaim aon duine. Táim buíoch díbh uile as bhur gcomhluadar le bliain anuas. Go raibh maith agaibh as buaileadh isteach chugam, a chairde.

Ach, céard a thug anseo thú, a Áine? Cén fáth ar thosaigh tú ag bleadracht leat ar an mblag seo? Sin iad na ceisteanna a d’fhiafraigh mé díom féin ar maidin, agus mé amuigh ag siúl. Ní dóigh liom gur chuala aon duine mé ag labhairt liom féin, a léitheoirí, mar sin ná bí buartha. Ní bheidh lucht na gcótaí bána ag teacht faoi mo choinne. Fós, ar aon nós. Sea.

Cibé scéal é, ar ais linn, mura miste libh, chuig na ceisteanna sin a chuir mé orm féin ar maidin. Is dóigh liom gur bealach atá sa bhlagáil do mo leithéid, bean atá ina cónaí i gceantar Galltachta, gur bealach atá sa bhlagáil as Gaeilge gan ligean do shochaí an Bhéarla meirg a chur ar mo theanga dhúchais.

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuiltear ann a déarfadh go bhfuil meirg ar mo Ghaeilge cheana, agus seans go bhfuil an ceart acu. Bíonn botúin ghramadaí ar mo bhlag, is dóigh liom, agus bíonn béarlachas ann chomh maith céanna, ach, an bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ní miste liom! Agus tá súil agam nach miste libh. Táim fós ag foghlaim. Bhí am ann agus ghoillfeadh a leithéidí orm, m'fhaitíos roimh na cantalóirí mo choinneáil ciúin, ag múchadh m'fhocal, ach ní bhacaim leo a thuilleadh.

A fhad is go bhfuilimse anseo in bhur gcuideachta, ag roinnt mo smaointe, ag roinnt mo thuairimí, ag roinnt eolais ar theanga agus ar chúrsaí an tsaoil, mar a thuigim féin iad, agus mé á dhéanamh sin i nGaeilge, ní bheidh meirg ag teacht ar mo theanga, ná ormsa.

Agus, a fhad is a bheas sibhse ag léamh anseo, a chairde, mar leantóirí nó mar lurkers, sibhse a bheas ag bealú agus ag beathú na bhfocal ón mblagálaí seo.
.

9 comments:

  1. Go raibh tú i do shaoránach buan den blagtacht. (Thaitin an focal múnlaithe sin liom i nGaelscéal an lae!)

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. "Ní dóigh liom gur chuala aon duine mé ag labhairt liom féin..."

    Agus sin an fáth go mblagaimid! Go maire tú. Ní chreidim nach bhfuil ann ach bliain amháin. Go mblaga tú an céad!

    ReplyDelete
  4. Agus nár lagaí Dia do lámh, a Áine.

    B'fhéidir go gcuirfear an cheist "an blagadóir ó dhúchas thú?" ar dhuine am éigin amach anseo!

    ReplyDelete
  5. “Page not found” a dúradh liom nuair a chliceáil mé ar “Gaelscéal” thuas. An bhfuil URL eile agat?

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agaibh, a fheara!

    @ 'Page not found'

    Dennis, a chara, níl agam ach an ceann seo, http://www.gaelsceal.ie/temp-masthead.jpg, mar atá sé agam sa phostáil thuas. Cé go bhfeictear 'page not found' scríofa ar thaobh na láimhe clé, tá an leagan digiteach den pháipéar ar thaobh na láimhe deise den leathanach, rud beag níos faide síos.

    @ blagtacht

    A Aonghuis, a chara, cé go dtaitníonn sé liom, mar is eol duit, nuair a chumtar/múnlaítear focail nua, feictear dom go bhfuil sé sách deacair an focal sin a rá - ach, sin mise...:-)

    ReplyDelete
  7. @Dennis

    Fág an cuid deiridh ar lár. http://www.gaelsceal.ie

    Níl an leagan leictreonach don tseachtain seo ar fail, cé go bhfuil na cinnlínte. Ní fheicim aon chartlann ach oiread.

    ReplyDelete
  8. Deirtear gurb iad an lucht labhartha leo féin na daoine is mó an bhfuil an scil réitigh fadhbanna acu.

    ReplyDelete
  9. Tá an nasc sin athraithe agam anois, a Aonghuis - go raibh maith agat!

    Fáilte Bob! Leanfaimid orainn ag labhairt...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.