Wednesday, April 7, 2010

Am Le Labhairt

I láthair na huaire, tá Billy agus Molly ag fanacht linn. Is é Billy mac Molly. Is linne Molly, is le Gráinneog Billy, cé gur minice Billy linne ná léi.

Bhí Rosie, iníon le Billy, gariníon le Molly, ag fanacht linn ar feadh bliana, ach tá sise in éineacht leis an bPluiméir anois, mar is leis-sean í. Tá sí imithe léi le mí anuas. Cloisimid uaithi go minic, ó tharla í béal dorais linn, agus bíonn sí ag tafann léi, ag scairteadh orainn, shílfeá, ó am go chéile.

Tá Ronnie, deartháir le Rosie, mac le Billy, garmhac le Molly, anseo linn an tseachtain seo. Is i mBaile Átha Cliath a bhíonn sé ag cur faoi, go hiondúil, ach tá a úinéirí ar laethanta saoire sa Spáinn go ceann seachtaine, mar sin tá seisean ag fanacht linne, idir an dá linn, mar a déarfá, ar feadh seachtaine.

Bhí Scobie, deartháir le Billy, mac eile le Molly, anseo ar feadh coicíse, an mhí seo caite. Ar an drochuair, nuair a tháinig sé faoin am sin, ní raibh oiread is focal Béarla aige, agus níor thuig sé a dhath a dúirt an Garraíodóir leis, am ar bith. Ní raibh Gaeilge aige, faraor, agus níor thuig sé mise, ach oiread, cé go ndearna mé iarracht labhairt leis, i rith an ama.

An madra bocht. Bhí sé ina chónaí le daoine ó Phoblacht na Liotuáine ar feadh tamaill fhada, daoine gan Béarla ná Gaeilge, a bhí ag cur fúthu anseo in Éirinn le blianta beaga anuas, ach a raibh orthu filleadh chun a tíre féin, le déanaí. Ag an am sin, fágadh Scobie linne, le haire a thabhairt dó, agus le húinéir nua a fháil dó, chomh luath agus a b’fhéidir, rud a rinneamar, in am trátha.

Ní raibh Gaeilge ná Liotuáinis ag an úinéir nua, agus bhí ar Scobie Béarla a fhoghlaim sular fhág sé muid, rud a rinne sé taobh istigh de choicís, le cabhair in am, gan stró. Madra cliste.

M’anam, ach bhí an-am againn leis, agus tá súil againn casadh leis arís, am éigin eile, má bhíonn am le spáráil againn. Gach uile rud ina am féin, ach am a bheith ag duine fanacht lena am. Tuigfear sin in am.

Tá an t-am istigh. Tá sé in am dom imeacht. Beidh am againn le chéile arís, ar ball beag.
.

2 comments:

  1. (Ábhar eile) Tá mé díreach tar éis sracfhéachaint a chaitheamh isteach sa nuachtán nua agus cuireann sé gliondar orm go bhfuil tú luaite ann! Maith thú!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Ormondo!

    Is maith liom a fheiceáil nach mé amháin, mar bhlagálaí, atá luaite ann, a chara, agus tá súil agam go spreagfaidh sé daoine eile méara a chur ar mhéarchlár, agus tabhairt faoin mblagáil as Gaeilge, díreach má a dhéanann tú féin agus mé féin, agus na blagálaithe eile anseo linn - meán cumarsáide eile atá ann lenár dteanga a chothú...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.