Sunday, April 11, 2010

Ag Blagáil nó Ag Stocaireacht?

‘Bhfuil Gaeilge agat ar ‘blowing your own trumpet?’ a d’fhiafraigh sí.
‘M’anam, is dóigh go bhfuil!’ arsa mé féin, ‘Cá bhfaca tú é?’
‘Ar do bhlag.’ a dúirt sí.
‘Ar mo bhlag!’ arsa mé féin. ‘Cail sé sin scríofa agam?
‘Níl sé scríofa, ach shílfeá gur ag ‘blowing your own trumpet’ a bhí tú ar do bhlag inné!’ arsa mo chara, agus í ag magadh fúm.

Bhuel, bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach baineadh geit asam, mar sin féin. Isteach liom ar mo bhlag ar an bpointe boise, agus léigh mé mo phostáil ‘BLAG’ arís. Go sábhála Cé sinn, arsa mé féin liom féin, ach is dóigh go bhféadfadh duine an míniú sin a bhaint as, ceart go leor.

Mar sin féin, ní hí sin an teachtaireacht a bhí uaim a thabhairt, agus is maith a thuig mo chara é sin, agus í ag spochadh asam. Tá aithne aici orm, an dtuigeann sibh, agus tuigeann sí na deacrachtaí a bhí agam agus mé ag tabhairt faoin mblagáil seo ar dtús; an eagla, an easpa muiníne - na nithe sin nach dtuigfeadh an té nach dtuigeann na nithe sin.

Ni raibh uaim, agus BLAG á scríobh agam, ach léitheoirí a mhisniú chun pinn in earnáil na blagála Gaeilge; go dtuigfeadh siad nach gá bheith buartha faoi fhoirfeacht na teanga ná faoi éagsúlacht tuairimí; go bhfuil áit ann dúinn uile in earnáil na Gaeilge, fiú do lucht an chantail.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a léitheoir. Mura bhfuil aithne phearsanta agat ar an scríbhneoir, níl agat ach na focail atá os do chomhair ar an mblag, agus is sna focail sin atá tuairim an scríbhneora, agus tuiscint an léitheora, le fáil. An fhadhb atá ann, ar ndóigh, is minic nach mar a shíltear a bhítear. Is iontach an chraic í!
.

8 comments:

  1. Is aisteach an rud é, ach níor smaoinigh mé riamh ar “stoc .i. corn" nuair a chonaic mé an focal “stocaireacht” -- go dtí gur léigh mé an méid a scríobh tú faoi “blowing your own trumpet”. Is ionann “stocaireacht” domsa agus an rud a dhéanann polaiteoir atá ag iarraidh vótaí a fháil. “Tá X ag stocaireacht do Y.” GRMA as mo tuiscint a leathnú, a Áine!

    ReplyDelete
  2. Tá fáilte romhat, a dhuine a leathnaíonn mo thuiscint féin de shíor..;-)

    Tá seans nach beag ann go bhfuil leagan dúchasach eile den 'blowing your own trumpet' ag duine éigin, a Dennis, b’fhéidir rud éigin fearacht ‘is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán’.

    Ba dheas cúpla ceann eile a fháil, más ann dóibh, agus b’fhéidir go roinnfeadh léitheoir nó dhó cuid acu linn. Beidh le feiceáil.

    Is in WinGléacht agus FGB (1167) a fuair mé féin an ‘stocaireacht’ sin agus, go sábhála Cé sinn arís, ach, dar leis an Dónallach, tá ‘intruder’, ‘gatecrasher’, ‘scrounger’, ‘sponger’ agus fiú ‘odd man out’ ann - don té a bheadh ina ‘stocaire’!

    Ó, a Dhaidín go deo! Is Mise Áine, agus tá súil agam nach ‘stocaire’ mise!

    ReplyDelete
  3. M'anam, ach go bhfuair mé glaoch ó mo Dhómhnallach féin, agus tá leagan dúchasach aici do 'self praise is no praise' agus 'blowing your own trumpet' - 'Éan bréan a mholann é féin!'

    Anois, céard a déarfá le Gaillimh...

    ReplyDelete
  4. buaileam sciath = bravado, braggadoccio

    “Déanann na comhlachtaí scannáin buaileam sciath gach uair a sheolann siad scannán nua.” (ó alt ar an Irish Times, via Google)

    Is féidir le duine “é féin a chur chun tosaigh”, ar ndóigh. Is “blagaire = boaster” é an duine seo de réir Dinneen! “Bladhgaire” an focal atá ag Ó Dónaill (FGB).

    Ar chuala tú an rann seo riamh?

    The codfish lays ten thousand eggs; the homely hen lays one;
    The codfish doesn’t cackle to tell us what she’s done;
    And so we scorn the codfish, while the homely hen we prize,
    Which only goes to show you that it pays to advertise!

    ReplyDelete
  5. Níor chuala mé an rann sin, a Dennis, ach is fíor a theachtaireacht, muise!

    Is dócha go mbeadh an té atá ag ‘buaileam sciath’ ag ‘tochras ar a cheirtlín féin’!

    Nach suimiúil go bhfuil na focail sin ‘blagaire’ agus ‘bladhgaire’ ann do ‘boaster’! Meas tú nach ag ‘blagaireacht’ a bhíonn muid uile, seachas ag blagáil…:-)

    ReplyDelete
  6. Céard é FGB? rinne Dennis trácht air freisin an tseachtain seo.

    ReplyDelete
  7. @ Céard é FGB?

    Foclóir Gaeilge-Béarla (le Niall Ó Dónaill).

    Léigh mé ar do bhlag go bhfuil d'uncail fós go dona tinn. Tá tú i mo smaointe, a chara.

    ReplyDelete
  8. Ní chreidim nár thuig mé é sin!!
    go raibh maith agat.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.