Tuesday, February 23, 2010

Trevor Sargent

D'éirigh Trevor Sargent as a phost inniu.

Ní chuireann sé sin iontas orm. Chuala mé an chaint uile ar an raidió inniu, agus cé gur tharla an eachtra dhá bhliain ó shin, más fíor, d'fhág sé blas ar mo theanga, agus ní blas milis a bhí ann.

Níl an scéal iomlán ar eolas agam, ach amháin an méid atá sna meáin i láthair na huaire, ach sé mo thuairim, más fiú a dhath í, nár cheart do pholaiteoir ar bith ladhar ná lámh a bheith aige/aici in obair na ngardaí.

Beidh le cloisteáil againn, ar ball is dóigh liom, céard a bheas le rá ag Trevor Sargent maidir leis an méid a tharla, ach is maith liom go raibh sé de chiall aige éirigh as, sula ndéanfar tuilleadh damáiste don phróiseas polaitiúil.

Mar sin féin, meas tú cén fáth nár chualamar a dhath faoin scéal seo go dtí anois? An é go bhfuil rud beag den chor in aghaidh an chaim ag dul ar aghaidh sa chlós i Scoil an tSaoil?
.

6 comments:

  1. Is ceart dó éirí as go deimhin. Ach seachas ag seoladh litir chun na nGardaí is polaiteoir maith é.
    Ceann maith mar a déarfá.
    Seo buille marfach do na Glasaigh.

    Dá mbeadh na prionsabail céanna ag an chuid eile den Oireachtas ní bheadh duine ná deoraí fágtha ann.

    ReplyDelete
  2. "meas tú cén fáth nár chualamar a dhath faoin scéal seo go dtí anois?"

    Nuair a tharlaíonn rudaí mar a tharlaigh i gcás Willie bíonn fonn ar iriseoirí ainm mór a dhéanamh dóibh féin. Agus fonn ar eagarthóirí nuachtáin a dhíol.
    Téann sé ar thóir scéalta dá leithéid.

    ReplyDelete
  3. Dar le Trevor é féin, 'error of judgement' a bhí ann.

    Nílim cinnte an 'buille marfach' a bheas ann don Chomhaontas Glas, a Dhubhaltaigh, ach tá damáiste déanta, gan dabht.

    Ach, rinneadh an-damáiste, i mo thuairim, nuair a thacaigh siad leis an vóta úd sa Dáil. Ba léir domsa, agus mé ag breathnú ar Eamon Ryan ag labhairt ag an am, (http://www.youtube.com/watch?v=ne38vIELzNI) nach raibh sé ar a chompord leis an méid a bhí á rá aige.

    'Sé an trua nár chloígh siad, mar pháirtí, le prionsabail ar leith an t-am sin.

    ReplyDelete
  4. Níor cheart, cinnte, aon uisce faoi thalamh a bheith ag dul ar aghaidh idir pholaiteoirí agus na Gardaí agus b'fhearr i bhfad nach mbeadh polaiteoirí i gcónaí ag cur isteach ar obair na nGardaí. Dúradh liom inniu go raibh lá ann nuair a d'fhéadfadh Teachta Dála ball den Gharda Síochána a dhíbirt go ceantar iargúlta i bhfaiteadh na súl, agus is maith go bhfuil an lá sin thart.

    San am céanna, tá ceist ag dul thart i mo chloigeann; cad chuige nár chóir go mbeadh cead ag polaiteoir tuairim a sheoladh chuig na Gardaí go hoscailte agus go hoifigiúil i bhfoirm litreach, ar an dóigh chéanna a dtig leo sin a dhéanamh le gach seirbhís eile de chuid an stáit. Thig leo scríobh chuig seirbhísí sláinte, údaráis áitiúla, ranna rialtais srl le labhairt ar son daoine atá ina gceantair vótála féin. Níl a fhios agam an ndearna an Teachta Dála Sargeant mórán as bealach i ndáiríre, ach d'fhéadfadh sé go bhfuil dul amú millteanach ormsa!!!!

    ReplyDelete
  5. De réir mar atá ráiteas aige go raibh earráid bhreithiúnais ann.

    http://www.greenparty.ie/en/news/latest_news/statement_by_trevor_sargent_td

    ReplyDelete
  6. @ Seán Mór

    Más fíor, tá súil agam féin go bhfuil an lá sin thart!

    B’fhiú duit an t-alt seo (http://www.feargalquinn.ie/index.php/What-I-ve-Said/Democracy-Governance/Managing-the-Gardai) ó shuíomh Sen. Quinn a léamh, le léargas a fháil ar an bpáirt atá ag an gcóras polaitiúil i ‘Managing the Gardaí’, dar leis.

    Maidir leis an ‘2nd Stage of the Garda Síochána Bill 2004 ‘ tá scríofa ann, ‘I looked at the provisions in the Bill and discovered that the power of direct Government appointment is being extended even further, right down to the level of superintendent’.

    Más rud gur mar sin atá anois, ar bhealach tá baint ag an gcóras polaitiúil leis na gardaí cheana, shílfeá. Mar sin, an ndearna Trevor ‘mórán as bealach’? Sin ceist mhaith…

    @ Seán

    Sin mo thuiscint, ón méid a chuala mé, freisin. Ní ‘criminal offence’ a bhí ann, ach d’fhéadfadh sé bheith ‘deemed to be not lawful’, nó rud éigin mar sin. Tá mo chloigeann ar mire ag iarraidh ciall a dhéanamh den méid atá á rá ag na polaiteoirí uile na laethanta seo.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.