Tuesday, February 16, 2010

Botún nó Bréag

Dar le Willie O’Dea, botún a bhí ann, nó dearmad, b’fhéidir. Glacann Maurice Quinlivan leis gur botún a bhí ann. Ceapaim. Creideann Brian Cowen Willie.

Tá an Comhaontas Glas ag glacadh leis gur ghlac an Ard-Chúirt leis gur botún a bhí ann, ceapaim, ach ghlac an Ard-Chúirt le botún Willie cheana, shílfeá. Is cosúil gur duine iontach inchreidte é Willie.

Ach, ní dóigh liom go gcreideann Enda Kenny gur botún a bhí ann. An é sin le rá go gceapann sé gur inis Willie bréag? O’Dea’r! O’Dea’r! O’Dea’r!
.

3 comments:

  1. Galar tógalach is ea an "Dearmadachas" i dTeach Lyin' de réir dealraimh. Nó b'fhéidir traidisiún ársa.

    ReplyDelete
  2. Faraor, agus mé ag éisteacht le focail an Phápa na laethanta seo, nó easpa focal ar leith ón Phápa, go bhfeictear dom go bhfuil go leor 'traidisiún ársa' sa tír seo fós, a Mhíshásta, agus nach i 'dTeach Lyin' amháin atá an galar sin ag scaipeadh.

    ReplyDelete
  3. "Teach Lyin" :)
    nár laga Dia riamh thú a Mhí

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.