Tuesday, January 19, 2010

WinGléacht agus Windows 7

Tá ríomhaire glúine nua ceannaithe agam, agus is Windows 7 an córas a tháinig leis.

‘An féidir WinGléacht a úsáid le Windows 7?’ an cheist a chuir mé chuig wingleacht@forasnagaelige.ie inniu, nuair a theip orm an feidhmchlár a chur ar an ríomhaire nua.

An freagra: ‘Ar an drochuair, ní féidir WinGléacht a úsáid le Windows 7,’. Bígí ar an eolas!

An bhfuil bealach ar bith thart ar m’fhadhb, a léitheoirí eolacha? Freagraí, nach gcosnóidh tada orm, chuig miseaine ag gmail ponc com.

Bheinn caillte gan m’áisín…
.

14 comments:

  1. Níor oibrigh sé riamh ar an Mac.
    :-(

    ReplyDelete
  2. An bhfuil Windows 7 Professional nó Windows 7 Ultimate agat? Má tá, bain triail as "Windows XP Mode"...

    http://www.microsoft.com/windows/windows-7/features/windows-xp-mode.aspx

    ReplyDelete
  3. Níos mó eolais, le do thoil!

    Shamhlóinn go gcabródh "Compatability mode" éigin leat, ach deacair a rá nuair ná deir tú céard go díreach nach bhfuil ag obair.

    ReplyDelete
  4. Windows 7 Home Premium atá agam, agus ní dóigh liom go n-oibríonn an 'Windows XP Mode' leis, a Dave.

    An é sin an 'compatability mode' a bhí i gceist agatsa, a Aonghuis? Ní duine mór ríomhairí mé, agus nílim cinnte cén t-eolas sa bhreis a chuideodh leat cuidiú liom!

    Fós ag bailiú eolais ar m'fhadhb, agus chomh luath in Éirinn agus a thagaim ar aon réiteach, má tá réiteach le fáil, roinnfidh mé an t-eolas anseo - ar mhaithe le mo leithéidí, agus leithéidí Phroinsias!

    Creidim go bhfuil daoine ar éirigh leo WinGléacht a chur i bhfeidhm le Windows 7 Ultimate, más fíor, agus b'fhéidir go bhfuil freagra na faidhbe ansin. Beidh le feiceáil...

    ReplyDelete
  5. Mo chuimhne, agus gabh mo leithscéal as mo dhearmad, a fheara, ach go raibh maith agaibh as theacht ar ais chugam le bhur moltaí!

    Táim iontach buíoch, agus fós ag bailiú eolais. Ar scáth a chéile...

    ReplyDelete
  6. A Áine, a chara

    cad a deir an ríomhaire leat nuair a theipeann air an clár a chuir air? Tá Windows 7 Home (rd éigin) ag baile agam, agus tá "Compatability Mode" air.

    Níl WinGléacht agam áfach.

    ReplyDelete
  7. A Aonghuis, a chara chliste,

    'The version of this file is not compatible with the version of Windows you're running. Check your computers system information to see whether you need a x86 (32-bit) or x64 (64 bit) version of the program, and then contact the software publisher'

    ...an rud a deirtear liom.

    Is '64 bit' atá i mo chóras Windows 7 Home Premium, agus is '29.2 MB (30,646.272 bytes) an 'size on disc' ar WinGléacht a deirtear liom sna 'properties' ar an bhfeidhmchlár.

    Maidir le 'Compatability Mode'ar Windows Home Premium, féach an trácht seo:

    http://social.answers.microsoft.com/Forums/en-US/w7install/thread/e57f9161-8a52-4066-97c4-e37bdef65a77

    Uasghrádú go 'Windows 7 Ultimate' de dhíth, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  8. Níl baint ag an 32 bit nó 64 bit le méid an cláir. Baineann sé le do ríomhaire.

    Bain triail as Control Panel - Programs - Run programs made for previous version of Windows agus lig don draoi úd cabhrú leat!

    ReplyDelete
  9. Níor oibrigh sé sin, a Aonghuis, ach go raibh maith agat mar sin féin.

    Táim fós ag bailiú eolais, i dtreo réiteach na faidhbe. Más rud go bhfuil a leithéid le fáil i mo chás-sa, beidh an toradh le léamh anseo.

    Go raibh maith agat arís, a chara.

    ReplyDelete
  10. Táim ag teacht níos gaire do réiteach na faidhbe seo, a léitheoirí, agus súil agam scéal de shaghas éigin a bheith agam daoibh amárach.

    ReplyDelete
  11. 'Áine, a chara,

    Bhí an fhadhb chéanna agamsa leis an diabhailín Wingléacht agus níor éirigh liom é a chur ag suiteáil chor ar bith (Fuinneogaí 7 'Baile' atá agamsa freisin). Tá Wingléacht agam ar an seanríomhaire, áfach, agus na comhaid uile suiteáilte ann. Is éard a rinne mé ná go ndearna mé na comhaid sin a chóipeáil agus a ghreamú anseo ar an ríomhaire nua agus is cosúil go bhfuil liom anois. Is é sin, cé nach féidir liom an suiteáltóir (?) a chur ar siúl, oibríonn an clár féin. Má chabhraíonn sin leat, maith go leor; mura bhfuil na comhaid agat ar ríomhaire eile bheinn breá sásta dul i gcomhairle leat, féachaint an féidir linn teacht ar bhealach len iad a mhalartú.

    Beannachtaí,

    Máirtín

    ReplyDelete
  12. A Aine, a chara,

    Ta an fhadhb cheanna agamsa anois, le WinGleacht agus Windows 7. Ar eirigh leatsa an fhadhb a reiteach?

    GRMA as aon chomhairle.

    Sean O Riain

    ReplyDelete
  13. D'éirigh liom an fhadbh a réiteach, go deimhin, a Sheáin, a bhuí le litríocht.com.

    Féach anseo. B'fhiú duit dul i dteagmháil leo, agus cuideoidh siad leatsa freisin, is dóigh liom.

    A Mháirtín, tá súil agam go bhfaca tú mo theachtaireacht chugat - an ceann a d'fhág mé, mar fhreagra, nuair a chuir tú do sheoladh ríomhphoist ar fáil dom. Táim buíoch as do chomhairle, a chara, ach, mar a scríobh mé thuas, tháinig mé ar thoradh sásúil cheana. Go raibh maith agat, mar sin féin...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.