Tuesday, January 12, 2010

Iris agus Pádraig

Anois, a léitheoir, cuir an smaoineamh dána sin amach as do chloigeann. Níl a dhath ag tarlú idir Iris agus Pee. Níl ann ach gur tháinig an bheirt acu isteach i mo chloigeann féin ar maidin, agus mo smaointe ag rith liom sa leaba.

Is dócha gur ag rámhaille atáim arís, ach cén fáth sa sioc ar tháinig an bheirt sin isteach i mo chloigeann ar chor ar bith, meas tú? Bhuel, sin an cheist a chuir mé orm féin, agus mé ag réiteach caife na maidine.

Ní féidir gach a léitear a chreidiúint, ná gach a gcloistear a chreidiúint, ach, mar sin féin, is ó na meáin a chloisim na scéalta, agus tá go leor á rá acu faoi Iris na laethanta seo, agus bhíodh go leor le rá acu faoi Phee, nuair a bhíodh sé i mbarr a réime agus a rámhaille féin.

Le bheith féaráilte, tá Iris agus Pee breá ábalta labhairt amach iad féin. Féach anseo, agus feicfidh tú na rudaí a dúirt Iris, más fíor, agus féach ar an bhfíseán seo le go gcloise tú Pee ag labhairt. An bhfeiceann sibh aon cheangal eatarthu?

No, a léitheoir, níl Pee luaite le haon fhear óg naoi mbliana déag d’aois ar chor ar bith, slán a bheas sé, ach luaitear an tsuim 50,000, tinneas intinne, teaghlach, ráflaí, páirtí, agus polaitíocht anseo agus ansiúd, trí fhocail na beirte, nó anseo agus ansiúd sna meáin, bíodh siad fíor nó ná bíodh. An iad na rudaí sin a cheangal an bheirt acu le chéile i mo smaointe ar maidin?

Tá focail eile ag rith le mo smaointe ar maidin, focail mar ábharaíoch, sotalach, móiréiseach, máistriúil, mórchúiseach, údarásach, mórtasach; agus samhlaím culaith spáis, freisin.

Cé nach bhfuilim cinnte cé air ná uirthi a bhfuil an chulaith spáis sin, is léir go bhfuil daoine sa saol seo nach roinneann an spás céanna ar chréafóg na cruinne le go leor daoine eile, bíodh siad ó thuaidh nó ó dheas. Go mba slán a bheas muid uile.

.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.