Sunday, November 22, 2009

An Turas go Tír na nÓg

An tseachtain seo caite, tháinig drochscéal amach is amach aniar aduaidh ar mhuintir Chonamara, Árann, Áth Cinn, agus Loch Gorman. Fuair Sarah Byrne, Sorcha Rose McLaughlin, Teresa Ní Mhaolaoidh, agus Marie Stephanie Ní Chonghaile bás i dtimpiste uafásach, agus tá a gcara, Michelle Ní Dhomhnaill as Cill Rónáin, go dona tinn fós san ospidéal.

D’éist mé leis an gclár Ardtráthnóna ar phodchraoladh anseo cúpla lá ó shin. Ar an gclár, bhí Máirtín Tom Sheáinín ag labhairt leis an Athair Mícheál Ó Braonáin as Leitir Móir, áit arb as do Theresa, agus bhí sé ag labhairt le mo dheartháir, Eoin, lena mbíodh Marie Stephanie ag obair ag an deireadh seachtaine.

Bhí an clár iontach brónach, crua ar rannpháirtithe agus ar éisteoirí, cheapfainn, gan trácht ar dhuine ar bith atá muinteartha leis na mná óga áille sin atá imithe ar shlí na fírinne.

Go mbeidh sólás acu, agus ag muintir Mhichelle, cailín atá fós go dona tinn, agus ag a gcuirim gathanna dearfacha go laethúil.

Dán thíos a chum mé inné, i gcuimhne agus i gcomhbhrón.

Ógbhás

Ciúnaíonn toirneach ‘s tintreach
Fiú má réabann siad spéir an domhain mhóir
Ach má ghoidtear uait guth binn na naíonán
Ansin ciúnaítear choíche a nglór

Maolaíonn gála na gaoithe
Fiú má shéideann i bhfiántas is sceoin
Ach má mhúchtar ort anáil an linbh
Ní mhaolaíonn an caoineadh ná’n brón

Imíonn sneachta ‘s leac oighir
Fiú má luíonn ar gach garraí ‘s bóthar
Ach má thógtar uait barróg an pháiste
Ansin imíonn uait boige ‘gus teocht

Triomaíonn deora na báistí
Fiú má shileann siad deora ar dheoir
Ach má sciobtar uait beatha an óige
Ní thriomaíonn na deora go deo.


Ó chum mé an dán sin, chuala mé, ar maidin inniu, go bhfuair leaid óg, sé bliana déag d’aois, as Ceantar na nOileán, bás i dtubaiste bhóthair aréir, díreach siar an bóthar ón áit inar tógadh mé féin. Guím ar a shon, agus ar son na dteaghlach uile atá faoi bhrón inniu.
.

4 comments:

  1. Bhí an tAthair Ó Braonáin ag caint le Pat Kenny díreach anois. Roimhe sin bhí beirt bean áitiúl ag caint faoin stráice bóthair úd - ar a bhfuil na múrtha tionoisc tárlaithe le scaitheamh.

    Tá sé deacair glacadh le bás tubaisteach gan rabhadh na nÓg uair ar bith. Ach nuair is follasach gur faillí Stáit is cionsiocair leis, tá sé seacht n-uaire níos measa.

    Le cúnamh Dé deanfar ar a laghad an stráice bótahir seo a fheabhsú, chun nach mbeidh a mbás go hiomlán gan iarmhairt.

    ReplyDelete
  2. Scéal tubaisteach ar fad atá ann. Gearrchailí óga a bhí ann agus iad ar thairseach an tsaoil a bheadh amach rompu.

    Léiríonn do dhán go bhfuil fíor-achmhainn chomhbhróin ionat, bail ó Dhia ort, a Áine.

    ReplyDelete
  3. Mar is eol duit féin, a chara, fágann an bás tubaisteach a lorg...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.