Monday, October 5, 2009

Rás na Réaltachta

Ar ndóigh, is deas an rud dea-scéal a roinnt. Fiú mura bhfuil suim agat i rásaí na gcapall, is fiú breathnú ar an rás sin a bhuaigh Sea the Stars inné. Éacht a bhí ann, cheap mé féin.

Cé gur capall iontach cumasach atá ann, bhí sé sáinnithe ar feadh tamaill, na capaill eile á choinneáil siar, shílfeá. Ach, ní féidir srian a chur le capall, ná le duine, le hábaltacht.

Samhlaím an ghnáthmhuintir i rás, iad sáinnithe ag na polaiteoirí, ag na baincéirí, ag na tógálaithe, ag na geilleagraithe; lucht an rachmais chun tosaigh, taobh le taobh, mar a bheadh balla ann. Agus samhlaím capall na gnáthmhuintire ag briseadh tríd an mballa sin.

Ach cá bhfuil ár marcach?
.

3 comments:

  1. Deir Enda Ó Cionnaith go bhfuil sé an ann an capall a threorú ach ná gheall air.B`fheidir go léimfidh John Gormley ar capall an stáit De Satharn agus sinn a shlanú.

    ReplyDelete
  2. Tráthnóna suimiúil sa Dáil inniu, a John M!

    Beidh marcach nó dhó ag titim anois...

    ReplyDelete
  3. Is cuimhin liom an uair úd i rith m'óige a bhuaigh Levmoss an rás céanna.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.