Wednesday, October 21, 2009

Meon, Mioscais, Mearbhall?

Caithfidh mé a rá go n-aontaím go hiomlán leis an méid atá á rá ag Tadhg san alt seo.

Ní gá domsa a dhath a chur leis an méid atá ráite ann, faoi Jan Moir ná aon duine eile dá leithéid, mar is go rómhaith a thuigim gur cuma leo sa sioc faoin té atá imithe ar shlí na fírinne, agus gur lú arís a mbá do mhuintir an té atá caillte.

Chan chuile iriseoir, caithfidh mé a rá, ach a leithéidí Jan Moir a dhéanann é. Ní bhaineann siad liom, ní bhaineann siad leis an dea-iriseoir, ná ní bhaineann siad leis an gCé ar m’aithne, ceapaim féin. Sin mo thuairim.

Cibé scéal é, is fiú bheith ag léamh, agus ag éisteacht, le chuile dhuine, agus le tuairimí chuile dhuine; le go mbeimid eolach ar an meon atá acusan, i gcomparáid lenár meon féin, mar a déarfá.

Bhí clár ar TV3 cúpla seachtain ó shin, All Star Family Fortunes. Le go dtuigfidh sibh an clár, seo mar atá sé ar Wikipedia:

Two family teams, each with five members, would be asked to guess the results of surveys, in which 100 people would be asked open ended questions …Although rarely acknowledged in the show, the 100 people surveyed would invariably be audience members who had volunteered prior to the show.’

Ní bhím ag breathnú ar an gclár go minic, ná go háirithe, ach, mar a tharla sé, bhí mé féin agus an Garraíodóir inár suí os comhair na teilifíse an lá úd, nuair a thosaigh an clár. Chuala muid an cheist seo ó Vernon Kay, an láithreoir:

We asked one hundred people what is the first thing they look for when they arrive at a party, and our survey said…?’.

Bígí as samhlú libh anois, a léitheoirí. Cén freagra a thabharfá féin ar an gceist? Bhí ceithre cinn le haimsiú.

Ó tharla mé féin agus an Garraíodóir ansin, agus gan a dhath níos fearr le déanamh againn, shílfeá, scread mise amach ‘My friends!’, agus scread seisean amach ‘Drink!’. Sea.

Is cosúil go raibh neart daoine ar aon intinn linn mar bhí, mo léan, ‘Drink’, sa chéad áit, agus ‘Friend’ sa dara háit.. Bhí ‘Food’ sa tríú háit, mo chuimhne. Bíonn na freagraí le feiceáil ar scáileán mór taobh thiar den láithreoir, an dtuigeann sibh, de réir mar a fhaigheann na foirne an freagra ceart. Ní raibh siad in ann mise agus an Garraíodóir a chloisteáil, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Cibé scéal é, bhí na foirne fós ar thóir an cheathrú freagra, agus thomhais duine acu gur dóigh léi go mbeadh duine ag cóisir ar thóir, más buan mo chuimhne, ‘a bit of all right’ . Ar ndóigh, thuig mise go maith gur ‘ar thóir rómáns’ a bhí i gceist leis an ‘bit of all right’ sin, agus táim ag roinnt an eolais sin libh, a léitheoirí, ar fhaitíos aon dul amú oraibh. Níor mhaith liom go mbeadh sibh ag dul ar strae orm, agus ag cur leagan ar bith eile ar 'a bit of all right'. Cé go bhfuil an ceart sin agaibh, más mian libh sin a dhéanamh.

Chuaigh an freagra suas ar an scáileán. Suimiúil, arsa mise liom féin agus le mo mheon. Is léir gur daoine ar leith, le meon ar leith, a bhí ag plé leis an suirbhé sin, nó ag plé le freagraí an tsuirbhé, fiú.

Cén leagan de ‘bit of all right’ a cuireadh ar an scáileán, a léitheoirí? Féach thíos, ord na bhfreagraí, agus bainigí as an bhfreagra ag uimhir 4 cibé rud is meon libh.

1. Drink
2. Friend
3. Food
4. Opposite Sex
.

5 comments:

  1. Aontaoim leat faoin alt frith-homaighnéasach ag Jam Moir.Tá mé ag leamh an úrscéal Favela ó Alex Hymans faoi lathair, leabhair gur cheart go mór é a léamh.Cé go bhfuil na daoine go bhfuil sé ag cur síos ortha i mbruachbhaile bocht i Salvador bocht agus gan morán oideachas acu glacann siad leis an caidreamh idir Alex agus a buachaill cara Nilton gan aon agó.

    ReplyDelete
  2. Más buan mo chuimhne, tá an leabhar sin molta ag Aonghus ar a bhlag, mar tá sé ar mo liosta agam cheana!

    Ní dóigh liom go mbeidh tuiscint agam, go brách, a John M., ar an meon a chuireann gráin san áit ina cuireadh grá le nádúrthacht.

    Cibé Cé ar leis na daoine sin, ní hionann an Cé sin agus agus mo Ché féin, feictear dom.

    ReplyDelete
  3. Cé nach raibh aithne agam ar an té a bhásaigh - go ndéana Dia trócaire ar a anam - is dóigh liom gur meascán marfach uaireanta é cultúr na gceiliúrán, farasbarr poiblíochta, "saoirse-airgid" gan teorainn, na meáin ag crú na gceiliúrán, na ceiliúráin ag crú na meán, na meáin agus na ceiliúráin ag crú an phobail, ró-shuim an phobail i sonraí pearsanta de chuid daoine eile nach mbaineann leo...

    Agus conas a scriostar a leithéid d'fháinne fí?

    D'fhéadfaí gan na nuachtáin a scaipeann an droch-chultúr céanna a cheannach, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  4. Tá fianaise anseo againn go bhfuil do lámh bhocht níos fearr anois, bail ó Dhia* oraibh beirt!

    * Cé? :-)

    ReplyDelete
  5. Bíonn amanna ann, a Ormondo, agus ní bhíonn fonn orm páipéar ar bith a léamh!

    Cé go bhfuil mo lámh fós tinn, nó nimhneach mar a deirtear sa taobh seo tíre, a Dennis, tá sí i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí sí an t-am seo an tseachtain seo caite. Agus go raibh maith agat as an mbeannacht ó do Ché...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.